Thug an tUachtarán aitheasc le searmanas bronnta céime Scoil an Altranais

Sat 6th Mei, 2020 | 11:00
Thug an tUachtarán aitheasc le searmanas bronnta céime Scoil an Altranais

I dteachtaireacht físeáin tharraing an tUachtarán aird ar ionchur ríthábhachtach na n-altraí sa tsochaí.

Tá Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, tar éis moladh a thabhairt d’ionchur ríthábhachtach na n-altraí sa tsochaí agus don ról lárnach a bhí acu sa fhreagairt ar phaindéim an choróinvíris, agus dúirt sé “gur thug siad inspioráid agus ugach iontach don náisiún.”

In aitheasc físeáin a thug sé do chéimithe Scoil Altranais, Síciteiripe agus Sláinte Phobail Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, dúirt an tUachtaráin Ó hUigínn: “Tá a bhfuil tarlaithe le roinnt míonna anuas tar éis ár n-aird a tharraingt ar an ionchur ríthábhachtach ag gairm an altranais inár sochaí. Mar náisiún agus dúshlán phaindéim an choróinvíris romhainn go léir, spreagadh sinn agus tugadh ugach dúinn le misneach, comhbhá agus mórchroí na ndaoine atá ag obair inár seirbhísí sláinte. Ar ndóigh, lárnach sa tseirbhís sin tá na haltraí a chuireann cúram sábháilte agus éifeachtúil ar fáil inár n-ospidéil, ár n-ionaid sláinte, ár gclinicí, ár n-ospísí agus ár ndóigh inár bpobail.”

Ba é searmanas Dé Sathairn an chéad bhronnadh céime fíorúil ag an ollscoil sa bhliain 2020, agus roghnaíodh cohórt na n-altraí le haitheantas a thabhairt d’altraí as a n-ionchur ar líne thosaigh na géarchéime sláinte arbh é Covid-19 ba chúis léi agus mar aitheantas gurb í an bhliain seo Bliain Idirnáisiúnta an Altra agus na Mná Cnáimhsí de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte.