Labhraíonn an tUachtarán ag comhdháil ar shaoirse acadúil

Mái 8th Mei, 2021 | 17:00
 Labhraíonn an tUachtarán ag comhdháil ar shaoirse acadúil

Labhair an tUachtarán ag comhdháil ar líne, arna heagrú ag ‘Scholars at Risk-Ireland’ agus an ALLEA, faoin tsaoirse acadúil agus faoin easaontú intleachtúil.

Dhírigh an chomhdháil ar thábhacht an easaontaithe intleachtúil agus an tsaoirse acadúil i sochaithe daonlathacha i gcomhthéacs an Iarthair, comhthéacs Eorpach go háirithe. Phléigh an painéal raon agus teorainn na saoirse acadúla i dtaobh an phobalachais pholaitiúil, an nua-liobrálachas agus an phráinn a bhaineann leis an tírdhreach sóisialta agus oideachasúil sa saol iar-Covid.

Tá an t-oideachas roghnaithe ag an Uachtarán Ó hUigínn mar cheann de na príomhthéamaí dá Uachtaránacht. Tá fáilte curtha ag an Uachtarán roimh mhúinteoirí agus oideachasóirí chuig Áras an Uachtaráin agus tá cuairt tugtha aige ar chuid mhaith scoileanna agus coláistí. Ina aithisc, labhair an tUachtarán faoin ngá le smaointeoireacht neamhspleách a chothú, agus faoin ngá le modhanna a chruthú lena chinntiú go mbíonn fáil ag gach duine ar dheiseanna foghlama ar feadh an tsaoil. Tá sé tar éis an cás a dhéanamh go seasta nár cheart féachaint ar scoileanna mar áiteanna le hoibrithe a oiliúint i gcomhair na todhchaí, ach mar áiteanna chun saoránaigh ghafa, eolacha, agus ghníomhacha a chumasú i gcomhair na todhchaí.