Tugann an tUachtarán Óráid ag féile teagaisc -“Lifelong learning: Making a Difference” -  arna eagrú  ag FÉILTE

hAo 5th Dei, 2018 | 18:00
suíomh: Coláiste Mhuire Gan Smál, Luimneach
Tugann an tUachtarán Óráid ag féile teagaisc -“Lifelong learning: Making a Difference” -  arna eagrú  ag FÉILTE

Labhair an tUachtarán leis an bhféile mhúinteoireachta ‘FÉILTE’ dar teideal ‘An Fhoghlaim ar feadh an tSaoil: Difríocht á Déanamh', i gColáiste Mhuire gan Smál i Luimneach.

Déanann FÉILTE ceiliúradh ar an obair a dhéanann múinteoirí gach lá ina seomraí ranga, agus bhí an t-oideachas ar cheann de phríomhthéamaí an Uachtaráin Uí Uigínn ina uachtaránacht.  

Tá an tUachtarán tar éis fáilte a chur roimh mhúinteoirí agus oideachasóirí chuig Áras an Uachtaráin agus tá sé tar éis cuairt a thabhairt ar chuid mhaith scoileanna agus coláistí. Ina chuid óráidí, labhair an tUachtarán faoin ngá atá ann go ndéanfaí an smaointeoireacht neamhspleách a chothú, agus rinne sé an cás nár cheart breathnú ar an scoil mar áit le hoideachas a chur ar dhaoine a bheidh ina n-oibritheoirí amach anseo amháin, ach mar áit le saoránaigh ghafa, eolasacha agus ghníomhacha na todhchaí a chumasú.