An tUachtarán i láthair ag cluiche sacair idir Éire agus An Bhreatain Bheag

hAo 24th Már, 2017 | 19:30
suíomh: Staid Aviva, Baile Átha Cliath
An tUachtarán i láthair ag cluiche sacair idir Éire agus An Bhreatain Bheag

Bhí an tUachtarán i láthair ag an gcluiche cáilithe i nGrúpa D Chorn an Domhain de chuid FIFA i mBaile Átha Cliath.


Sular cuireadh tús leis an gcluiche, bhronn foireann na Breataine Bige geansaí ar an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn, in onóir chaptaen Chlub Sacair Chathair Dhoire, Ryan McBride.
(Grianghraf: Tommy Dickson/Inpho)