An tUachtarán i láthair ag léiriú an scannáin faisnéise - “The Great Green Wall”

Céa 13th Sam, 2019 | 19:30
suíomh: (Corcaigh) Pictiúrlann – The Reel Picture, An Linn Dubh

Bhí  an tUachtarán Ó hUigínn i láthair ag taispeántas ‘The Great Green Wall’ – scannán faisnéise faoi thionscnamh chun conair ghlas a thógáil trasna cheantar na Saiheile.

Tá an tUachtarán Ó hUigínn tar éis labhairt ar an iliomad ócáidí faoin tábhacht le dul i ngleic leis an bhfairsingiú fásaigh agus na cúiseanna a bhíonn leis, ina measc an bhochtaineacht, an éiginnteacht bhia, an t-athrú aeráide, an díghrádú talún agus beartais a dhéanann imeallú ar dhaoine, agus tar éis béim a chur ar an bhfíric go mbraitheann ár rathúnas amach anseo go bunúsach ar ár gcumas ár gcomhshaol nádúrtha a chosaint agus a athchóiriú.

"Ní mór dúinn go léir, lenár gcumais agus ár n-acmhainní éagsúla, ár ndúshláin féin a thabhairt agus teacht aníos le réiteach ar fhadhbanna neamhréitithe na bochtaineachta domhanda, na héiginnteachta bia, an fhairsingithe fásaigh, na leibhéal fiachais neamh-inbhuanaithe, na trádála saofa agus na mí-úsáide cumhachta." – An tUachtarán Ó hUigínn, Dún Éideann, Meitheamh 2016

agus:

"Is é an t-athrú aeráide, ag éirí as astuithe sa domhan tionsclaithe, an chúis leis an bhfairsingiú fásaigh, an díghrádú ithreach, agus minicíocht mhéadaithe stoirmeacha agus eachtraí adhaimsire eile, agus cuireann siad isteach ar shlí dhíréireach ar na réigiúin is boichte nach mbíonn an cumas iontu déileáil leo agus go ró-mhinic nach mbíonn ábalta an tairbhe a bhaint as an eolaíocht agus an teicneolaíocht, ní hamháin i dtaca leis an tslándáil bia ach leis an tsláinte féin." 
- An tUachtarán Ó hUigínn, Washington, Deireadh Fómhair 2015