An tUachtarán i láthair ag seoladh na Straitéise maidir le Planet Youth

Lua 3rd Fea, 2020 | 15:00
suíomh: (Gaillimh) Óstán Ard Rí, Tuaim

(Gaillimh) Óstán Ard Rí, Tuaim

Monday, 03rd February, 2020

An tUachtarán i láthair ag seoladh na Straitéise maidir le Planet Youth

Thug an tUachtarán Ó hUigínn cuairt ar Thuaim i gContae na Gaillimhe i gcomhair sheoladh "Planet Youth", cur chuige chun cosc a chur ar pháistí agus ar ógánaigh tosú ag tógáil drugaí.

Le múnla "Planet Youth", a bunaíodh san Íoslainn, tugtar le chéile eolaithe sóisialta, lucht déanta beartas agus cleachtóirí, chun iarracht a dhéanamh tuiscint a fháil ar an dearcadh a bhíonn ag daoine óga fásta ar a saol agus ar a bpobail. Baintear úsáid as an eolas chun bearta a dhearadh chun an comhshaol sóisialta a athrú agus an méid ama a chaitheann ógánaigh gan mhaoirseacht a laghdú agus chun tuismitheoirí a spreagadh le níos mó ama a chaitheamh lena bpaistí.