An Uachtaráin i láthair ag Lá Cuimhneacháin an Uileloiscthe

Dom 26th Ean, 2020 | 18:00
suíomh: (Baile Átha Cliath) Teach an Ardmhéara

(Baile Átha Cliath) Teach an Ardmhéara

Sunday, 26th January, 2020

An Uachtaráin i láthair ag Lá Cuimhneacháin an Uileloiscthe

Thug an tUachtarán an príomhaitheasc ar  ócáid Lá Cuimhneacháin an Uileloiscthe.

Tugann Lá Cuimhneacháin an Uileloiscthe chun cuimhne gach bliain na daoine sin go léir a bhásaigh san Uileloscadh. Tugann sé chun cuimhne sé mhilliún fear, bean agus páiste Giúdach agus na milliúin eile a ndearnadh géarleanúint orthu agus a dhúnmharaigh na Naitsithe mar gheall ar  a n-eitneacht, a míchumas, a ngnéaschlaonadh, a gcleamhnú polaitíochta nó a gcreideamh reiligiúnach.   

Le linn na seirbhíse, lasadh coinnle ar son íospartach Giúdach an Uileloiscthe, agus léadh amach ainmneacha na nÉireannach a fuair bás sa chinedhíothú.

Thug an tUachtarán an t-aitheasc ag an gcomóradh bliantúil in 2019, 2015 agus 2012. Cliceáil anseo chun óráid an Uachtaráin in 2019 a léamh.