Freastalaíonn an tUachtarán ar na Gradaim um Fhiúntas in Óglaigh na hÉireann

Mái 21st Meá, 2021 | 14:30
suíomh: ( baile átha Cliath) Áras an Uachtaráin

( baile átha Cliath) Áras an Uachtaráin

Tuesday, 21st September, 2021

Freastalaíonn an tUachtarán ar na Gradaim um Fhiúntas in Óglaigh na hÉireann

Bronn an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn na Gradaim um Fhiúntas in Óglaigh na hÉireann ag searmanas in Áras an Uachtaráin. Bronntar na gradaim ar bhaill Óglaigh na hÉireann, atá ar seirbhís nó ar scor, a léirigh an “meas, dílseacht, neamhleithleachas, crógacht fhisiciúil, misneach morálta agus macántacht” a mbítear ag súil leis ó bhaill Óglaigh na hÉireann. 

Is é Uachtarán na hÉireann Ceannasaí Uachtarach Óglaigh na hÉireann. Dá bharr, is é an tUachtarán a dhéanann gach oifigeach na nÓglach a choimisiúnú, ach de réir choinníollacha an Achta um Chosaint 1954, is tríd an tAire Cosanta, a rialaíonn Óglaigh na hÉireann, a chuireann an Rialtas orduithe míleata i bhfeidhm.
 

Cliceáil ar an táb Óraid chun tuilleadh faisnéise a fháil.

 

Imeachtaí ábhartha eile: