An tUachtarán i láthair le linn an chomórtha ar Lá an tSosa Chogaidh

Dom 11th Sam, 2018 | 10:00
suíomh: Reilig Ghlas Naíon, Baile Átha Cliath

Reilig Ghlas Naíon, Baile Átha Cliath

Sunday, 11th November, 2018

An tUachtarán i láthair le linn an chomórtha ar Lá an tSosa Chogaidh

Bhí an tUachtarán i láthair le linn an chomórtha ar Lá an tSosa Chogaidh i reilig Ghlas Naíon, i gcuimhne ar na mílte fear agus bean Éireannach a fuair bás le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda. 

In 2014, nocht an tUachtarán Ó hUigínn agus A Shoilse, Diúc Kent, Cros Íobartha i reilig Ghlas Naíon i mBaile Átha Cliath in onóir na nÉireannach a fuair bás i gcogaí.  Ba é an Chros Íobartha i nGlas Naíon an chéad cheann a tógadh i bPoblacht na hÉireann agus tugann sé onóir do bhaill na bhfórsaí armtha a fuair bás sa Chéad  agus sa Dara Cogadh Domhanda. 

 

"Ní féidir linn a mbeatha a thabhairt do na mairbh, ná coirp shlána dóibh siúd a gortaíodh, ná an cumha a leigheas, ná an neamhómós a tugadh dóibh siúd a throid nó dá gclanna a chur ar neamhní.”