An tUachtarán i láthair ag Fáiltiú, d’fhonn an Dara Laureate um Irish Fiction 2018 – 2021 a fhógairt

Déa 8th Fea, 2018 | 11:00
suíomh: An Chomhairle Ealaíon, Cearnóg Mhuirfean
An tUachtarán i láthair ag Fáiltiú, d’fhonn an Dara Laureate um Irish Fiction 2018 – 2021 a fhógairt

Ag searmanas sa Chomhairle Ealaíon inniu, d’fhógair an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn Sebastian Barry ina Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach 2018-2021.

Beidh Sebastian Barry ag teacht i gcomharbas ar Anne Enright, a ceapadh ina céad Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach in 2015.

Bronnann an Chomhairle Ealaíon an Laureate ar scríbhneoir Éireannach, a scríobhann i mBéarla, agus a bhfuil clú náisiúnta agus idirnáisiúnta air nó uirthi.
Baintear leas as an ngradam chun litríocht na hÉireann a chur chun cinn go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, agus chun an pobal a spreagadh le ficsean Éireannach den scoth a léamh. 
 
Ba í Anne Enright an chéad Laureate ar bhronn an Chomhairle Ealaíon an gradam uirthi, agus chuir sí tús lena téarma trí bliana i mí Eanáir 2015.