An tUachtarán i láthair ag cruinniú den Conseil Economique Social et Environmental

Mái 21st Iúi, 2015 | 08:45
suíomh: Paris
An tUachtarán i láthair ag cruinniú den Conseil Economique Social et Environmental

Ar  cuireadh ó Uachtarán Phoblacht na Fraince, an tUasal François Hollande, thug an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn aitheasc don ‘Cruinniú Mullaigh den Choinsias i dtaca leis an Aeráid’, ar siúl i bPáras i mí Iúil 2015.

Bhí an tUachtarán Ó hUigínn ar dhuine de cheathrar príomhchainteoirí a d’oscail an chomhdháil. Ba iad an tUachtarán Hollande, Iar-Rúnaí Ginearálta na Náisiún Aontaithe, Kofi Annan agus Prionsa Albert Mhonacó na cainteoirí eile.

Ba é fócas an chruinnithe seo, a bhí ar siúl roimh chomhdháil stairiúil na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, arna hóstáil ag an bhFrainc, rannpháirtíocht na saoránach.

Ba é óráid an Uachtaráin, atá ar fáil ag http://www.president.ie/en/media-library/Speeches/the-power-of-ideas-for-climate-making-a-new-beginning, a chéad mhóraitheasc ar ábhar an athraithe aeráide. Ina aitheasc, d’éiligh an tUachtarán cur chuige iomlánaíoch maidir leis an athrú aeráide, ar an gcúis nach féidir dúshláin mhóra na linne a shárú ar bhonn treallach.