An tUachtarán i láthair ag Lón Gnó ar scáth Fiontraíocht Éireann

hAo 11th Sam, 2016 | 12:10
suíomh: Cathair Ho Chi Minh, Vítneam
An tUachtarán i láthair ag Lón Gnó ar scáth Fiontraíocht Éireann

Rinne Fiontraíocht Éireann lón a óstáil in onóir an Uachtaráin Uí Uigínn, chun an borradh sa chaidreamh i dtaca le trádáil agus le hinfheistíocht idir Éirinn agus Vítneam a chomóradh. Bhí tuairim is 150 aoi i láthair ag an lón, in a measc ionadaithe ó chuideachtaí Éireannacha agus Vítneamacha, agus teagmhálaithe ó rialtas Vítneam i réimsí an oideachas, an ghnó agraibhia, na heitlíochta agus na teicneolaíochta