An Chomhdháil EPIC ag lucht Fágála Cúraim á hoscailt go hoifigiúil ag an Uachtarán  

hAo 21st Dei, 2016 | 10:30
suíomh: Caisleán Bhaile Átha Cliath

Caisleán Bhaile Átha Cliath

Friday, 21st October, 2016

An Chomhdháil EPIC ag lucht Fágála Cúraim á hoscailt go hoifigiúil ag an Uachtarán  

Thug an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn an t-aitheasc oscailte ag comhdháil cheiliúrtha Lá Náisiúnta na bhFágálaithe Cúraim.

Ina aitheasc, thug an tUachtarán moladh do na daoine go léir a bhfuil an cúram á fhágáil ina ndiaidh acu in Éirinn, agus do na heagrais, leithéidí EPIC agus Fágálaithe Cúraim na hÉireann, as daoine óga a chumasú lena gceart chun páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí agus i gcinntí maidir lena bhfuil i ndán dóibh a dheimhniú.

Labhair an tUachtarán chomh maith faoin misneach agus faoin tiomantas a theastaíonn ó dhaoine óga agus agus a léiríonn siad agus iad ag fágáil an chórais chúraim ina ndiaidh; agus chuir sé i gcuimhne do na rannpháirtithe an dualgas atá orainn sochaí a thógáil a thugann aitheantas do dhínit dhúchasach a ball go léir, agus a thugann cead cainte do dhaoine leochaileacha agus do dhaoine atá faoi mhíbhuntáiste. 

Is féidir téacs iomlán aitheasc an Uachtaráin a léamh trí chliceáil ar an nasc thíos.