An Taispeántas um Theicneolaíocht agus Eólaí Óg, 2019 á oscailt go hoifigiúil ag an Uachtarán

Céa 9th Ean, 2019 | 14:00
suíomh: RDS Dublin

RDS Dublin

Wednesday, 09th January, 2019

An Taispeántas um Theicneolaíocht agus Eólaí Óg, 2019 á oscailt go hoifigiúil ag an Uachtarán

Mar atá déanta aige ar feadh na mblianta, d'oscail an tUachtarán Taispeántas na nEolaithe agus na dTeicneolaithe Óga de chuid BT, i dtús mhí Eanáir 2019.

Tugann an t-imeacht cuid de na daoine óga is meabhraí sa tír le chéile agus iad in iomaíocht lena chéile chun an teideal Eolaí & Teicneolaí Óg na Bliana de chuid BT a bhaint amach.

Is minic a mhol an tUachtarán an comórtas mar go dtugann sé ardán do dhaoine óga a dtallanna a thaispeáint agus dúirt sé gur “buaic an éachta agus na fionnachtana eolaíochta i measc na hóige ar fud an domhain atá ann”.  

Is tacadóir mór do Thaispeántas BT na nEolaithe agus na dTeicneolaithe Óga an tUachtarán, agus molann sé é as an spreagadh a thugann sé do dhaoine óga teorainneacha na heolaíochta a shárú agus a bhfuinneamh cruthaithe agus a bhfiosracht a chur i bhfeidhm chun a fháil amach cén chaoi ar féidir an domhan mórthimpeall orthu a fheabhsú.

Is féidir leat aitheasc an Uachtaráin ag taispeántas BTYSTE na bliana seo caite a léamh nó a chloisteáil anseo.