Ionad Uí Dhonnchadha don Drámaíocht, Amharclannaíocht agus Taibhiú á oscailt go hoifigiúil…

Lua 10th Aib, 2017 | 17:30
suíomh: Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Ionad Uí Dhonnchadha don Drámaíocht, Amharclannaíocht agus Taibhiú á oscailt go hoifigiúil…

...ag an Uachtarán.

 

 

D’oscail an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn Lárionad Uí Dhonnchú don Drámaíocht, Amharclannaíocht agus Taibhiú in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Ag labhairt dó ag oscailt an lárionaid, d’impigh an tUachtarán ar ollscoileanna iad féin “a dhíriú an athuair ar an smaointeoireacht úrnua agus ar an tiomantas do luachanna daonnachaíocha sa mhúinteoireacht.”

Dúirt an tUachtarán “go n-éilíonn an chruthaitheacht, tuigthe i gceart, tiomantas don obair, don scoláireacht,  don inchreidteacht agus don ionracas a dhéanann éileamh ar an té atá ag baint úsáide as, ‘sé sin mura bhfágtar san fhocal ach ciall ráiteasach nó mana fógraíochta.”

 

Is féidir óráid an Uachtaráin a léamh trí chliceáil ar an nasc thíos.