An Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta á oscailt go hoifigiúil ag an Uachtarán

Mái 19th Meá, 2017 | 12:00
suíomh: An Screagán, Uíbh Fhailí

An Screagán, Uíbh Fhailí

Tuesday, 19th September, 2017

An Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta á oscailt go hoifigiúil ag an Uachtarán

D’oscail an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn an 86ú Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta go foirmiúil. 

Ina aitheasc, thug an tUachtarán moladh do lucht eagraithe an imeachta, agus labhair sé faoin ngá le dul i ngleic le bánú na tuaithe agus le caillteanas seirbhísí faoin tuath.

Agus tagairt á déanamh aige do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, labhair an tUachtarán faoi thábhacht na forbartha tuaithe cothromaithe, an chomhtháthaithe shóisialta agus mhaoirseacht an chomhshaoil. D’éiligh sé cur chuige cuiditheach maidir leis na dúshláin atá ag eascairt as Brexit. 

Is féidir leat féachaint ar aitheasc an Uachtaráin tri chliceáil ar an nasc thíos.  

Chun tuilleadh a fháil faoi chúlra chuairteanna bliantúla an Uachtaráin ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta, féach anseo