Áitreabh nua ag FLAC á oscailt go hoifigiúil ag an Uachtarán i ndáil lena gComóradh Cinn 50

Lua 25th Fea, 2019 | 14:00
suíomh: (Baile Átha Cliath) Sráid Dorset Uachtarach

(Baile Átha Cliath) Sráid Dorset Uachtarach

Monday, 25th February, 2019

Áitreabh nua ag FLAC á oscailt go hoifigiúil ag an Uachtarán i ndáil lena gComóradh Cinn 50

Thug an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn cuairt ar oifigí nua FLAC, na hIonaid Saorchomhairle Dlí.

Nocht an tUachtarán plaic shearmanais i gcuideachta phríomhfheidhmeannach FLAC, Eilis Barry agus cathaoirleach FLAC Peter Ward AS agus bhuail sé le foireann agus saorálaithe na heagraíochta.

Bhí sé seo ar an gcéad cheann de shraith imeachtaí chun bunú FLAC 50 bliain ó shin a chomóradh.   

Tá an t-ionchuimsiú agus baint amach an chomhionannais ar cheann de dhearbhphrionsabail lárnacha an Uachtaráin Uí Uigínn, agus tá fáilte curtha aige roimh eagrais mar FLAC, atá ina chrann taca le fada an lá maidir le cúnamh dlí agus rochtain ar an gceart, agus a bhí lárnach i mbunú córas cúnaimh dhlí stáit.