Taispeántas le 39 pictiúir ó thiomnacht Hugh Lane á oscailt go hoifigiúil ag an Uachtarán

Lua 20th Ean, 2020 | 17:30
suíomh: (Baile Átha Cliath) Dánlann Hugh Lane

(Baile Átha Cliath) Dánlann Hugh Lane

Monday, 20th January, 2020

Taispeántas le 39 pictiúir ó thiomnacht Hugh Lane á oscailt go hoifigiúil ag an Uachtarán

Dé Luain, d'oscail an tUachtarán Ó hUigínn taispeántas de 39 pictiúr ó Thiomnacht Hugh Lane go hoifigiúil.

Eagraíodh an taispeántas chun comóradh a dhéanamh ar an athnuachan ar chonradh speisialta idir an Gailearaí Náisiúnta i Londain agus Gailearaí Hugh Lane i mBaile Átha Cliath.

Cuimsítear úinéireacht 39 saothar ealaíne a thiomnaigh Lane do Ghailearaí Náisiúnta Londan agus atá ar iasacht ag Gailearaí Hugh Lane sa chonradh.

 

 

Ina óráid, chuir an tUachtarán Ó hUigínn in iúl nárbh é seo ach an dara hócáid ar cuireadh tiomnacht iomlán Hugh Lane faoi dhíon Ghailearaí Hugh Lane – bhí an chéad ócáid ann in 2008 chun bunú an Ghailearaí céad bliain roimhe sin a cheiliúradh.