An tUachtarán i láthair chun nua-sheirbhís gníomhaíochta um fhostaíocht a oscailt go hoifigiúil

Lua 1st Bea, 2017 | 11:30
suíomh: Bóthar an Ghleanna, An Chúlóg
An tUachtarán i láthair chun nua-sheirbhís gníomhaíochta um fhostaíocht a oscailt go hoifigiúil

D’oscail an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn an tSeirbhís Gníomhaíochta Fostaíochta nua den Ionad do Dhaoine Dífhostaithe i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath.

Cuireann an tIonad seirbhís fostaíochta, oideachais agus fiontraíochta ar fáil saor in aisce do dhaoine atá ina gcónaí i gceantair Chluain Seach, na Cúlóige agus sna ceantair máguaird i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath. Trí chomhpháirtíocht nuálaíoch, bhí an tIonad ábalta bogadh isteach in áitreabh a chuir Ionad Siopadóireachta Thuaisceart Bhaile Átha Cliath ar fáil, mar chuid de chlár freagrachta sóisialta corparáidí an ionaid siopadóireachta.

D’oscail an tUachtarán an tseirbhís nua ar Lá Bealtaine, lá a dhíríonn ar chearta oibrithe. Ina óráid mhol an tUachtarán éiteas agus seirbhísí an Ionaid i dtaca leis an bpobal.