Buaileann an tUachtarán le trúpaí na hÉireann atá ar fiannas le UNIFIL i nDeisceart na Liobáine

Mái 28th Aib, 2015 | 09:30
suíomh: An Liobáin

An Liobáin

Tuesday, 28th April, 2015

Buaileann an tUachtarán le trúpaí na hÉireann atá ar fiannas le UNIFIL i nDeisceart na Liobáine

Thug an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn cuairt ar an Liobáin ón 26 Aibreán go dtí an 29 Aibreán 2015. 

Thaistil an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn chuig Béiriút ar an 26 Aibreán, áit ar bhuail Ambasadóir na hÉireann, an tUasal Isolde Moylan, an tUasal Paul Kehoe T.D., Aire Stáit i Roinn an Taoisigh agus sa Roinn Cosanta, agus an tUasal Georges H. Siam, Consal Ginearálta Oinigh na hÉireann sa Liobáin. Ar maidin an 27 Aibreán, thug an tUachtarán cuairt ar Láithreán Oidhreachta Domhanda UNESCO i mBíoblós. 

Níos deireanaí le linn a chuairte, bhuail an tUachtarán leis an Uasal Tammam Salam, Uachtarán Chomhairle Airí Phoblacht na Liobáine, agus bhuail sé le hEagraíochtaí Neamh-Rialtasacha Éireannacha agus idirnáisiúnta atá ag obair le tacaíocht a thabhairt do dhídeanaithe sa tír.  

Thug an tUachtarán cuairt, freisin, ar Fhórsa Coimeádta Síochána na hÉireann ón 47ú Cathlán, a raibh seirbhís á déanamh acu le Fórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin mar chuid de chomhchathlán Fionlannach/Éireannach, i gcuideachta an Leas-Phríomh-Aire, an tUasal Samir Mokbel agus an Aire Stáit  Kehoe. Ina aitheasc do na trúpaí, mhol an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn obair na gcoimeádaithe síochána Éireannacha ar fud an domhain.


Is féidir leat féachaint ar aitheasc an Uachtaráin tri chliceáil ar an nasc thíos.