Buaileann an tUachtarán leis an Aire Eamon Ryan chun an tionscadal Tellus a phlé

Céa 7th Iúi, 2021 | 11:30
suíomh: (Baile Átha Cliath) Áras an Uachtaráin

(Baile Átha Cliath) Áras an Uachtaráin

Wednesday, 07th July, 2021

Buaileann an tUachtarán leis an Aire Eamon Ryan chun an tionscadal Tellus a phlé

Bhuail an tUachtarán Ó hUigínn leis an Aire Eamon Ryan, leis an togra Tellus a phlé. 

Is clár náisiúnta é an suirbhé Tellus, a thosaigh in 2011, le hiniúchadh a dhéanamh ar shaintréithe ceimiceacha agus fisiceacha ár gcré, clocha agus uisce. Tá an togra seo á reáchtáil ag Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann agus maoinithe ag An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide. 

Bailíodh agus rinneadh anailís ar na mílte sampla den ithir mar chuid den suirbhé seo, agus úsáidtear na torthaí agus mapaí deiridh le cur lenár dtuiscint ar nádúr ceimiceach ár n-ithreacha. Anuas air seo, déanfaidh na torthaí iarrachtaí an Uachtaráin a threorú maidir le feabhas a chur ar bhithéagsúlacht thailte Áras an Uachtaráin. 

Cliceáil anseo le tuilleadh a fhoghlaim faoi thogra bithéagsúlachta Áras an Uachtaráin

Le fada an lá, tá an tUachtarán Ó hUigínn agus Saidhbhín mar thacadóirí láidre do Spriocanna Forbairt Inbhuanaithe, agus tá siad go mór ar son na n-athruithe cuí a chur i bhfeidhm ar mhaithe le todhchaí inbhuanaithe a dheimhniú d’Éirinn agus don domhan mór. 

Ar an ábhar seo, d’iarr an tUachtarán ar Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW), a dhéanann bainistiú ar 120 acra Áras an Uachtaráin, iniúchadh bithéagsúlachta bliana a choimisiúnú, agus gníomhartha a mholadh faoi cén chaoi ar féidir an tÁras a bhainistiú ar mhaithe leis an nádúr. Chuir eolaithe ó Choláiste na Tríonóide an tuarascáil le chéile agus seachadadh í go déanach anuraidh.