Tugann an tUachtarán aitheantas do Bhliain Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe um fholláine plandaí 2020, le searmanas plandála crann

Céa 15th Ean, 2020 | 12:00
suíomh: (Baile Átha Cliath) Páirc an Fhionnuisce

(Baile Átha Cliath) Páirc an Fhionnuisce

Wednesday, 15th January, 2020

Tugann an tUachtarán aitheantas do Bhliain Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe um fholláine plandaí 2020, le searmanas plandála crann

Rinne an tUachtarán Ó hUigínn tús na Bliana Idirnáisiúnta Folláine Plandaí 2020 a chomóradh trí chrann a chur i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath.

Tá an Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta (EBT) de chuid na NA tar éis an bhliain 2020 a roghnú chun feasacht a ardú faoin gcaoi ar féidir le cosaint folláine plandaí cuidiú le deireadh a chur leis an ocras, an bhochtaineacht a laghdú, an timpeallacht a chosaint agus an fhorbairt eacnamaíochta a spreagadh.  

Is plandaí atá in 80 % den bhia a ithimid, agus táirgeann siad 98% den ocsaigin a análaímid. Ach ag an am céanna, bíonn siad faoi bhagairt sheasmhach agus mhéadaitheach ó lotnaidí agus ó ghalair. Tá éiceachórais á n-athrú ag an athrú aeráide agus ag gníomhaíochtaí an duine, an bhithéagsúlacht á laghdú agus dálaí á gcruthú inar féidir le lotnaidí maireachtáil go rábach. Ag an am céanna, tá méadú faoi thrí tagtha ar thaisteal agus ar thrádáil idirnáisiúnta, agus is féidir lotnaidí agus galair a scaipeadh ar fud an domhain agus damáiste mór do phlandaí dúchasach agus don timpeallacht a bheith ann dá mbarr.

Is téama buan ar feadh Uachtaránacht Mhichíl D. Uí Uigínn atá sa tábhacht a bhaineann le plandaí, an fiadhúlra agus ár gcomhshaol nádúrtha a chosaint. Tá béim ar leith leagtha ag an Uachtarán ar an tionchar atá ag an athrú aeráide gan srian, agus é ráite aige go dtabharfar breithiúnas ar an tsochaí chomhaimseartha leis an gceist “ar iompaíomar na súile ó leochaileachtaí ár bpláinéid ....nó an raibh an chomhbhá againn chun ár n-idirspleáchas a cheiliúradh”.

Anuraidh rinne an tUachtarán Ó hUigínn iniúchadh iomlán ar an mbeathra plandaí agus ainmhithe i dtailte Áras an Uachtaráin a choimisiniú, agus é mar aidhm aige pleananna a fhorbairt chun an bhithéagsúlacht ar an talamh thar timpeall theach cónaithe Uachtarán na hÉireann a chosaint níos fearr.