President marks International Women’s Day

Lua 8th Már, 2021 | 20:00
President marks International Women’s Day

Déanfaidh an tUachtarán Ó hUigínn Lá Idirnáisiúnta na mBan a cheiliúradh le comóradh ar líne de ghuthanna agus tallanna na mban. 

Thug an tUachtarán cuireadh do líon beag ban eiseamláireach a nguthanna a tharraingt le chéile trí mheán na hamhránaíochta, na filíochta agus na smaointeoireachta agus ómós a thabhairt don mhisneach a bhfuil Lá Idirnáisiúnta na mBan fréamhaithe ann. 

Comóradh de chuid thionscnamh an Uachtaráin ‘Samhlaíocht agus an Náisiún’ is ea an comóradh ar líne seo, dar teideal ‘Ar Aghaidh le Misneach agus le Chéile” (Going Forward with Courage, Together).

Ar feadh a saolta poiblí, ghlac an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn agus Saidhbhín Uí Uigínn páirt ghníomhach in go leor tionscnamh a dhéanann ceiliúradh ar bhearta misnigh agus díograisigh na mban. Ó toghadh ina Cheann Stáit é in 2011, úsáideann an tUachtarán a oifig le solas a tharraingt ar ról suaithinseach na mban i sochaí na hÉireann agus ar fud na cruinne. 

Gach bliain, ar Lá Idirnáisiúnta na mBan ar an 8 Márta, tapaíonn an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn an deis imeacht a óstáil a dhéanann ceiliúradh ar éachtaí sóisialta, eacnamaíochta agus polaitíochta na mban. Is deis é an t-imeacht seo le tacú leis an ngairm chun gnímh i gcomhthéacs éagothroime inscne agus foréigean i gcoinne na mban.  

I mbliana, de bharr shrianta sláinte phoiblí ar bun le linn phaindéim Covid-19, bheartaigh an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn ceiliúradh a dhéanamh ar an lá ar bhealach úrnua: comóradh fíorúil ar mhisneach na mban.