Sabina host ‘Latching-On’ morning as part of National Breastfeeding Week 2019

hAo 4th Dei, 2019 | 10:30
Sabina host ‘Latching-On’ morning as part of National Breastfeeding Week 2019

Rinne Saidhbhín Uí Uigínn óstáil ar an imeacht maidine bliantúil “Leanbh ar an gCíoch” in Áras an Uachtaráin, mar chuid den tSeachtain Náisiúnta um Beathú Cíche. 

Chuir Saidhbhín fáilte roimh suas le 100 máthair a bhí i mbun beathú cíche agus a bpáistí. Taithí nua a bheadh sa bheathú cíche do chuid de na máithreacha agus bheadh siad ábalta tacaíocht a fháil ó mháithreacha eile le linn an imeachta. 

Bhí ionadaithe ó Chairde an Bheathaithe Cíche, Cuidiú, Conradh La Leche na hÉireann agus Bord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann ina measc siúd a bhí i láthair. 

Tá sé ráite ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte de chuid na NA (EDS) gurb é an beathú cíche an gnáthbhealach leis na cothaithigh uile a theastaíonn uathu chun fáis agus chun forbartha go sláintiúil a sholáthar do pháistí. Tá gach máthair, a bheag nó a mhór, ábalta beathú cíche a dhéanamh, fad is a bhíonn an t-eolas cruinn agus tacaíocht aici óna  teaghlach, ón gcóras sláinte agus ón tsochaí i gcoitinne. Molann an EDS bainne buí tiubh na cíche a tháltar ag deireadh an toirchis mar an bheatha is foirfe don leanbh nuabheirthe, agus ba cheart an beathú a thosú taobh istigh den chéad uair an chloig tar éis na breithe. Moltar an beathú cíche as féin amháin go dtí go mbíonn an leanbh 6 mhí d’aois, agus leanúint leis an mbeathú cíche, i dteannta le bia tacúil, go dtí go mbíonn an leanbh 2 bhliain d’aois nó os a chionn. 

Bhí sé mar aidhm ag an imeacht, chomh maith, aird a tharraingt ar an nasc idir an beathú cíche agus na 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe, a bhfuil tacaíocht acu ón mbliain 2015 ó fhormhór na gceannairí domhanda. Is gné an-tábhachtach an beathú cíche de bhaint amach na spriocanna chun deireadh a chur leis an mbochtaineacht, an pláinéad a chosaint, agus slándáil agus rath cuimsitheach a chinntiú do shaoránaigh uile an domhain. 

 

 

Related events: