Tugann Saidhbhín Uí Uigínn cuairt ar phríosúin éagsúla i gceantar Bhaile Átha Cliath

Céa 16th Nol, 2020 | 01:00
Tugann Saidhbhín Uí Uigínn cuairt ar phríosúin éagsúla i gceantar Bhaile Átha Cliath

Chun séasúr na Nollag a chomóradh, thug Saidhbhín Uí Uigínn cuairt ar phríosúin Pháirc na Cruithneachta, Chnoc an Arbhair agus Mhuinseo agus ar an Ionad Dóchais i mBaile Átha Cliath.

Le linn a cuairte bhronn sí bláthanna Poinsettia ar an bhfoireann, ar na rialtóirí agus ar na príosúnaigh, mar aitheantas ar an tseirbhís a chuireann na hoibrithe, an fhoireann agus na gníomhaireachtaí ar fáil chun cuidiú leis na príosúnaigh ina n-athshlánú.