Glacann Saidhbhín Uí Uigínn páirt sa tionscadal ‘Dear Ireland’ de chuid Amharclann na Mainistreach

Lua 10th Lún, 2020 | 19:00

Monday, 10th August, 2020

Thug Saidhbhín Uí Uigínn aitheasc ag imeacht in Amharclann na Mainistreach chun rath an tionscadail ‘Dear Ireland a cheiliúradh.

Trí mhuintir na hÉireann a spreagadh lena smaointe a roinnt, soláthraíonn an tionscadal ‘Dear Ireland’ spás i gcomhair comhrá náisiúnta maidir leis na tosaíochtaí ar cheart dúinn a leagan amach mar náisiún, ag an am deacair seo.

Bhí Saidhbhín ar dhuine de na haisteoirí a ghlac páirt i ‘dteach oscailte’ fíorúil inar léadh amach litreacha a fuarthas ó dhaoine ar fud an domhain, iad ag cur a ndóchas agus a smaointe faoi na dúshláin atá roimh Éirinn in iúl.