Tíolacann na hAmbasadóirí seo a leanas a gCreidiúnais

Lua 15th Már, 2021 | 12:30
suíomh: Áras an Uachtaráin

Áras an Uachtaráin

Monday, 15th March, 2021

Tíolacann na hAmbasadóirí seo a leanas a gCreidiúnais

Ar mhaithe le caidreamh taidhleoireachta a éascú le linn srianta sláinte poiblí Covid19 san am atá i láthair, socraíodh go gcuirfeadh na hAmbasadóirí seo a leanas a gcuid litreacha creidiúnaithe faoi bhráid Uachtarán Ó hUigínn ag Áras an Uachtaráin, trí Nós Imeachta, a Soilsí:

  •  An tUasal Karen Mae Hill, Ambasadóir Antigua agus Barbúda;
  • An tUasal Mohammad Jaafar Al-Sadr, Ambasadóir Phoblacht na hIaráice;
  • An tUasal Thuan Kuan Lim, Ambasadóir Phoblacht Shingeapór;
  • An tUasal Kan Pharidh, Ambasadóir Ríocht na Cambóide; 
  • An tUasal Desra Percaya, Ambasadóir Phoblacht na hIndinéise;
  • An tUasal Vanja Filipovic, Ambasadóir an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin;
  • An Dr Farahanaz Faizal, Ambasadóir Phoblacht Oileáin Mhaildíve;
  •  An tUasal Marcel Fortuna Biato, Ambasadóir Phoblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle.

 
Go hiondúil le caidrimh taidhleoireachta, chuirfeadh an tUachtarán fáilte roimh na hAmbasadóirí a gcuid litreacha creidiúnaithe a thaispeáint go fisiciúil. I bhfianaise na srianta reatha áfach, tá Nós Imeachta bunaithe ar mhaithe leis an deis a thabhairt do na hAmbasadóirí tabhairt faoina gcuid dualgas a luaithe agus is féidir. 
 
Tá sé tugtha le fios ag an Uachtarán Ó hUigínn, go mbeadh an-áthas air fáilte phearsanta a chur roimh an Ambasadóir/na hAmbasadóirí go hÁras an Uachtaráin nuair a bheidh sé d’acmhainn aige, le plé a dhéanamh ar an tréimhse atá le teacht mar Ambasadóir chun na hÉireann.