An tUachtarán i láthair ag Comóradh Bliana an Chéid an Asgard

Dom 27th Iúi, 2014 | 12:30
suíomh: An Ché Thoir, Binn Éadair
An tUachtarán i láthair ag Comóradh Bliana an Chéid an Asgard

An tUachtarán i láthair ag Comóradh Bliana an Chéid an Asgard.

 

 

I mí Iúil 2014, bhí an tUachtarán Ó hUigínn i láthair ag Comóradh Céad Bliain an Asgard i mBinn Éadair, Co. Bhaile Átha Cliath. Ar an gcé, áit a ndearnadh díluchtú ar lastas 900 raidhfil Ghearmánach ar an 26 Iúil 1914 ón Asgard, dúirt an tUachtarán gur cheart leas a bhaint as an gcomóradh chun tráth dóchais agus athnuachana a thabhairt chun cuimhne.

Is féidir leat óráid an Uachtaráin a léamh anseo.

Tharla tabhairt i dtír na ngunnaí i mBinn Éadair tar éis gur smuigleáil Óglaigh Uladh muinisean isteach go Latharna agus bhí sé i gceist Óglaigh na hÉireann a armáil le 900 raidhfil Mauser agus  29,000 urchar chun prionsabail an Rialtais Dúchais a chosaint. Cuireadh na hairm, a fuarthas sa Ghearmáin agus a úsáideadh den chéad uair sa Chogadh Franc-Phrúiseach in 1870-71, ar bord an  Asgard sa Mhuir Thuaidh.