Tíolacann na hAmbasadóirí a gCreidiúnais don Uachtarán

Céa 22nd Meá, 2021 | 11:00
suíomh: (baile átha Cliath) Áras an Uachtaráin

(baile átha Cliath) Áras an Uachtaráin

Wednesday, 22nd September, 2021

Tíolacann na hAmbasadóirí a gCreidiúnais don Uachtarán

Chuir A Soilse, an tUasal Ijeoma Chinonyerem Obiezu, Ambasadóir Phoblacht Chónaidhme na Nigéire, A Soilse, an tUasal Larysa Gerasko, Ambasadóir na hÚcráine agus a Shoilse, an tUasal Cord Meier-Klodt, Ambasadóir Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine a Litreacha Creidiúnais faoi bhráid an Uachtaráin Mhíchíl D. Uí Uigínn ag Áras an Uachtaráin.

Bhí Tionlacan Ónóra ag na hAmbasadóirí go hÁras an Uachtaráin agus ar ais, a raibh díorma gluaisrothar ann ón 2 Scuadrún Marcra, Dún Chathail Bhrugha, Baile Átha Cliath, faoi cheannasaíocht an Dara Leifteanaint Dillon McAuliffe.

Chuir an tAerchór, ó Aeradróm Mhic Easmainn, Baile Dhónaill, Garda Onóra ar fáil go hÁras an Uachtaráin faoi cheannasaíochta an Leifteanaint Joseph Ward.