Tíolacann Ambasadóirí a gCreidiúnais

Céa 26th Dei, 2022 | 11:30
suíomh: Áras an Uachtaráin

Áras an Uachtaráin

Wednesday, 26th October, 2022

Tíolacann Ambasadóirí a gCreidiúnais

Chuir na hAmbasadóirí seo a leanas a gcuid litreacha creidiúnaithe faoi bhráid an Uachtaráin Uí Uigínn ag Áras an Uachtaráin inniu: A Shoilse, an tUasal Ion de la Riva, Ambasadóir na Spáinne; A Shoilse, an tUasal Elis Emin oglu Suleymanov, Ambasadóir Phoblacht na hAsarbaiseáine; A Soilse, an tUasal Sara Affoué Amani, Ambasadóir Phoblacht an Chósta Eabhair.

In éineacht leis A Shoilse, an tUasal Ion de la Riva, Ambasadóir na Spáinne, bhí an tUasal Cecilia García, Comhairleoir.
 
Bhí an tUasal Rasim Mammadov, Rúnaí Tánaisteach in éineacht leis A Shoilse, an tUasal Elin Emin oglu Suleymanov, Ambasadóir Phoblacht na hAsarbaiseáine. 
 
Tháinig A Soilse, an tUasal Sara Affoué Amani, Ambasadóir Phoblacht an Chósta Eabhair leis an ArdChomhairleoir, an tUasal Nestor Koko.

Bhí Martin Heydon TD, an tAire Stáit don Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, a bhfuil an fhreagracht do Thaighde agus d’Fhorbairt, do Shlándáil Feirme agus do Fhorbairt Margaidh Nua air, mar ionadaí an Rialtais ag an searmanas. 
 
Bhí Garda Onóra ag Áras an Uachtaráin ó Chomplacht Coisithe Meicnithe CC1, Airmheán Traenála Óglaigh na hÉireann, Campa an Churraigh, Co. Cill Dara faoi stiúir an Leifteanaint Michael Hickey. 

 Ba é an Dara Leifteanant Jack Molloy ó Chomplacht Coisithe Meicnithe CC1 a bhí mar Cheannasóir an tsearmanais. 

Bhí Banna 1, atá lonnaithe i nDún Chathail Bhrugha, Baile Átha Cliath, faoi stiúir an Chaptaein John Carpenter.