Tíolacann Ambasadóirí a gCreidiúnas

Mái 14th Sam, 2017 | 11:30
suíomh: Áras an Uachtaráin
Tíolacann Ambasadóirí a gCreidiúnas

Chuir a Soilsí, Ambasadóirí Chónaidhm na Rúise, Ríocht na Beilge agus Phoblacht na Portaingéile, a gcuid Litreacha Creidiúna faoi bhráid an Uachtaráin in Áras an Uachtaráin inniu.

- Bhí Leas-Cheannasaí an Mhisin, an tUasal Nikolay Ivanov i gcuideachta a Shoilse, an tUasal Yury Filatov, Ambasadóir Chónaidhm na Rúise.

- Bhí a chéile, an tUasal Joëlle Bean de Bauw agus Leas-Cheannasaí an Mhisin, an tUasal Bernadette Scheid, i gcuideachta a Shoilse, an tUasal Pierre-Emmanuel De Bauw, Ambasadóir Ríocht na Beilge.

- Bhí Leas-Cheannasaí an Mhisin, an tUasal Rogério Lopes, i gcuideachta a Shoilse, an tUasal    Miguel de Almeida e Sousa, Ambasadóir Phoblacht na Portaingéile.

 

Bhí an tUasal Ciarán Cannon, T.D. Aire Stáit sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, a bhfuil freagracht ar leith air i dtaca leis an Diaspóra agus leis an bhForbairt Idirnáisiúnta, ina ionadaí Rialtais ag an searmanas.

Bhí na daoine seo a leanas i láthair, chomh maith:  an tUasal Conor Ó Raghallaigh, Leas-Rúnaí Ginearálta an Uachtaráin; an Coirnéal Michael Kiernan, Aide-de-Camp an Uachtaráin; an tUasal Eamonn McKee, Rúnaí Cúnta sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála; an tUasal Feilim McLaughlin, an tUasal Joe Brennan agus an tUasal Claire Buckley, Prótacal, An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.

Rinne Coimhdeacht Onóra, de dhíorma gluaisrothar ón Dara Scuadrún Marcra, Dún Chathail Bhrugha, Baile Átha Cliath, faoi cheannas an Dara Leifteanant Jason Nugent, na hAmbasadóirí a thionlacan chuig Áras an Uachtaráin agus uaidh.

Chuir an Chéad Scuadrún Marcra Armúrtha, Airmheán Traenála Óglaigh na hÉireann, Campa an Churraigh, Co. Chill Dara faoi cheannas an Leifteanaint Cathal Sweeney, Garda Onóra ar fáil in Áras an Uachtaráin.  

Bhí Armbhanna Uimhir 1, Dún Chathail Bhrugha, Baile Átha Cliath, á stiúradh ag an gCaptaen Fergal Carroll.