Tíolacann Ambasadóirí a gCreidiúnais

Déa 11th Bea, 2023 | 11:30
suíomh: Áras an Uachtaráin

Áras an Uachtaráin

Thursday, 11th May, 2023

Tíolacann Ambasadóirí a gCreidiúnais

Inniu, chuir na hambasadóirí seo a leanas a gcreidiúnais faoi bhráid an Uachtaráin Mhíchíl D. Uí Uigínn in Áras an Uachtaráin: A Soilse, an tUasal Ana Laura Cachaza, Ambasadóir Phoblacht na hAirgintíne; A Shoilse, an Dr Gergely Bánhegyj, Ambasadóir na hUngáire; agus a Shoilse, an Sár-Oirmhinneach Luis Mariano Montemayor, Apostolic Nuncio.
 
In éineacht lena Shoilse, an tUasal Ana Laura Cachaza, Ambasadóir Phoblacht na hAirgintíne, bhí a páistí Victoria Rebok agus Tomas Rebok, chomh maith leis an Uasal Nicholas Vidal, Ceann Tánaisteach an Mhisin. 

Bhí a Shoilse, an Dr Gergely Bánhegyj, Ambasadóir na hUngáire i láthair lena chéile, Bean Perizat Murat-Bánhegyi agus Tamás Szilágyi, Ceann Tánaisteach an Mhisin.


Tháinig an Sár-Oirmhinneach Moinsíneoir Julien Kabóre, Ceann Tánaisteach an Mhisin in éineacht lena Shoilse, an Sár-Oirmhinneach Luis Mariano Montemayor, Apostolic Nuncio.
 
Ba é an tUasal Kieran O’Donnell TD, Aire Stáit don Roinn Tithíochta, Rialtas Áitiúil agus Oidhreachta, a bhfuil freagracht speisialta air as an Rialtas Áitiúil agus Pleanáil, a bhí mar ionadaí an Rialtais ag an searmanas. 
 
Bhí na daoine seo a leanas i láthair freisin: An tUasal Orla O’Hanrahan, Ard-Rúnaí an Uachtaráin; an tUasal Joseph Hackett, Ard-Rúnaí, an Roinn Gnóthaí Eachtracha; Col Steven Howard,  Comdt Brian Walsh, Comdt Deirdre Newell, Capt. Pol O’Donnell. Aides-de-Camp an Uachtaráin; an tUasal Joe Brennan, an tUasal Marylee Wall agus an tUasal Laura Goodwin, Prótacal, an Roinn Gnóthaí Eachtracha. 

Bhí Garda Onóra ag Áras an Uachtaráin ón Aerchór, atá lonnaithe i mBaile Dhónaill i mBaile Átha Cliath, faoi stiúir an Leifteanaint Eric Lawless. 

Ba é an Leifteanant Kevin Redmond ón Aerchór a bhí mar Cheannasóir an tsearmanais. 

Bhí Banna 1, atá lonnaithe i nDún Chathail Bhrugha, Baile Átha Cliath, faoi stiúir an Chaptaein John Carpenter.