Placeholder

Dubhghlas de hÍde

Ceapadh Dubhghlas de hÍde ina chéad Uachtarán ar Éirinn in 1938. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Chonradh na Gaeilge, ina fhile agus ina dhrámadóir agus bhí sé ina Ollamh le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.

Placeholder

Sean T. O'Ceallaigh

Ba é Seán T. Ó Ceallaigh dara hUachtarán na hÉireann. Rinneadh Uachtarán de in 1945 agus bhí sé san oifig sin ar feadh 14 bliana. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Shinn Féin agus throid sé in Éirí Amach na Cásca in 1916.

Placeholder

Éamon de Valera

Rugadh tríú hUachtarán na hÉireann, Éamon de Valera i Nua Eabhrac agus bhí sé ar dhuine de na polaiteoirí ba mhó cumhachta san fhichiú haois. Bhí sé ar dhuine de cheannairí Éirí Amach 1916 agus throid sé in éadan an Chonartha le linn an Chogaidh Chathartha. Bhunaigh sé Fianna Fáil agus bhí sé ina Thaoiseach trí huaire. Bhí sé 76 bliain d'aois nuair a toghadh ina Uachtarán é in 1959 agus rinne sé dhá théarma san oifig.

Placeholder

Erskine Childers

Ba é Erskine Childers ceathrú hUachtarán na hÉireann (1973-74); bhí sé in aire i gcúig rialtas sular toghadh ina Uachtarán é in 1973. Bhásaigh sé go tobann tar éis dó a bheith 1 bhliain agus 5 mhí in oifig.

Placeholder

Cearbhall O'Dálaigh

Bhí an cúigiú hUachtarán, Cearbhall Ó Dálaigh (1974-76) ina Uachtarán ar an gCúirt Uachtarach agus ina bhreitheamh i gCúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach sular ceapadh ina Uachtarán é. D'éirigh sé as oifig i mí Dheireadh Fómhair, tar éis gur cháin aire rialtais é mar gur chuir sé bille faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí sular chuir sé a lámh leis. 

Placeholder

Pádraig J. Ó hIrghile

Bhí Pádraig J. Ó hIrghile ina Uachtarán ar Éirinn ar feadh 14 bliana ó 1976 go 1990. Sular ceapadh é ina Uachtarán, chuaigh sé i mbun idirbheartaíochta mar Aire Gnóthaí Eachtracha, chun Éire a thabhairt isteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (an AE anois) in 1973. Bhí sé ina chéad Choimisinéir Eorpach ar son na hÉireann chomh maith.

Placeholder

Máire Mhic Róibín

Ba í Máire Mhic Róibín a bhí ina seachtú hUachtarán ar Éirinn agus bhí sí san oifig ar feadh beagnach 7 mbliana sular ceapadh í mar Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Chearta an Duine. Gan í ach 46 bliain d'aois, bhí sí ar an Uachtarán b'óige agus bhain sí leas as a cuid ama san oifig chun dearcadh na ndaoine maidir le hOifig na Uachtaránachta a athrú, trí ról an-ghníomhach agus sofheicthe ar an iliomad ceisteanna sóisialta a ghlacadh. 

Placeholder

Máire Mhic Ghiolla Íosa

Ba í Máire Mhic Ghiolla Íosa an 8ú hUachtarán, agus, ach an oiread le Mary Robinson, bhí sí ina habhcóide agus ina hOllamh le Dlí Coiriúil i gColáiste na Tríonóide i mBaile Atha Cliath. Bhain sí leas as a post mar Uachtarán chun tacú le próiseas na síochána i dTuaisceart Éireann.

Cad a d'fhoghlaim tú?

Freagair na ceisteanna faoin Uachtarán reatha chun d'eolas a thástáil.

{{question.title}}

{{question.text}}


Torthaí

Scór iomlán: {{score()}} / {{quiz.questions.length}}