Eolas

Eolas

Gradam um Sheirbhís den Chéad Scoth an Uachtaráin d’Éireannaigh thar lear

Bronnann an tUachtarán na Gradaim um Sheirbhís den Scoth d’Éireannaigh thar lear gach bliain. 

Tugann na Gradaim aitheantas dóibh siúd a bhfuil cónaí orthu taobh amuigh den tír as an tseirbhís a thugtar don tír seo nó do phobail Éireannacha thar lear.  

Ní féidir ach daoine a bhfuil cónaí orthu taobh amuigh d’oileán na hÉireann a ainmniú don Ghradam. Ní mór go gcomhlíonann siad ceann díobh seo a leanas:

  • Seirbhís chéimiúil a bheith tugtha acu d’Éirinn agus/nó dá cáil thar lear
  • Cion déanta acu d’Éirinn agus/nó dá cáil idirnáisiúnta agus/nó do phobail Éireannacha thar lear i gceann amháin de na catagóirí liostaithe thíos ar a laghad
  • Tacaíocht tugtha d’Éirinn agus/nó dá cáil idirnáisiúnta agus/nó do phobail Éireannacha thar lear agus caidreamh bunaithe leo ar feadh cúig bliana ar a laghad,  nó seirbhís sheasmhach agus chéimiúil tugtha maidir le ceist thábhachtach dhomhanda nó idirnáisiúnta

Cé go bhfuil an scéim oscailte do gach duine atá ina chónaí thar lear, tá sí dírithe go príomha ar shaoránaigh na hÉireann, iad siúd atá i dteideal shaoránacht na hÉireann agus daoine de shliocht Éireannach, a bhfuil seirbhís sheasmhach agus chéimiúil tugtha acu d’Éirinn agus do phobail na hÉireann thar lear nó ionchur déanta acu ar cheist thábhachtach dhomhnada nó idirnáisiúnta. 

Déantar ainmniucháin don Ghradam trí ghréasán Ambasáidí na hÉireann thar lear, agus déantar iad a mheas ag Painéal Ardleibhéil. Molann an Painéal suas le deichniúr gach bliain ó na hainmniúcháin sin. 

Is iad na catagóirí inar féidir daoine aonair a ainmniú:

  • Ealaíona, Cultúr agus Spórt;
  • Gnó agus Oideachas;
  • Oibreacha Carthanachta;
  • Tacaíocht do Phobal Éireannach;
  • Síocháin, Athmhuintearas agus Forbairt;
  • Eolaíocht, Teicneolaíocht agus Nuálaíocht (catagóir bhreise a tugadh isteach in 2016).

Is féidir foirmeacha ainmniúcháin a íoslódáil via https://www.dfa.ie/global-irish/heritage/presidential-award/