Ráiteas ón Uachtarán Michael D. Higgins – Bill O’Herlihy
Foilsithe: Lua 25th Bea, 2015 | 17:54
Dúirt an tUachtarán Higgins inniu
“Is le brón a chuala mé inniu faoi bhás anabaí an iriseora agus an chraoltóra Bill O’Herlihy, a bhí ina chathaoirleach ar Bhord Scannán na hÉireann.
Ba é Bill a bhí chun tosaigh i gcraoltóireacht spórt na hÉireann ar feadh na mblianta agus bhí cáil ar a chumarsáid le lucht leanúna spóirt ar fud na tíre, go háirithe mar chathaoirleach ar an bpainéal a bhí ag plé comórtas mór sacair.
Thosaigh sé a shaol oibre in aois a sé bliana déag, agus thar trí scór bliain rinne sé a chion tairbhe san iriseoireacht, sa pholaitíocht, sa chaidreamh poiblí agus sa chraoltóireacht agus chuir sé go mór leis an taitneamh a bhaineamar as imeachtaí móra spóirt.
Bhí sé fíorghairmiúil i ngach mionghné dá chuid oibre agus eolasach ina chuid saothair; ach ba é a acmhainn ghrinn, agus é i mbun caidrimh lena lucht féachana, an rud ba shuntasaí faoi.
Tá ár gcuid smaointe uile lena bhean, Hillary, ar an ócáid bhrónach seo, lena iníonacha Jill agus Sally, lena mhuintir, a chomhghleacaithe agus a chairde.
Ar dheis Dé go raibh a anam dílis.”