Ráiteas ar bhás Albert Reynolds
Foilsithe: Déa 14th Lún, 2014 | 00:22
Ráiteas ó Áras an Uachtaráin
I ráiteas inniu dúirt an tUachtarán Higgins, “Is le dobrón a chuala mé faoi bhás an Iar-Thaoisigh agus bhall na Comhairle Stáit, Albert Reynolds. Ba mhaith liom mo chomhbhrón a chur in iúl do Kathleen agus do chlann uile Reynolds.
Cuimhneofar ar Albert Reynolds mar Aire Rialtais fuinniúil agus mar Thaoiseach a raibh misneach aige, a rinne a chion tairbhe fíorthábhachtach don phlé a raibh próiseas síochána Thuaisceart Éireann ina thoradh air. Nuair a bhí mé sa Chomh-Aireacht leis, chonacthas dom gur thacaigh sé go mór le cuid mhaith de na tionscnaimh chultúrtha a chuir mé ar bun. Tugaim chun cuimhne a chúirtéis agus a bhealach réchúiseach gach uair a bhí ceisteanna éagsúla á bplé againn.
Bhí rath air mar fhear gnó chomh maith agus bhain sé leas go leanúnach as a theagmhálacha gnó le linn a chuid oibre ar Thuaisceart Éireann.
Bhí an tIar-Thaoiseach Reynolds tiomanta do leas mhuintir na hÉireann agus is leis sin a chaith sé a dhúthracht. Is cuí go dtabharfaimid ómós don mhéid suntasach a rinne sé ar son ár sochaí comhaimseartha.
Suaimhneas síoraí dá anam.”