Nuacht

Lá Fhéile Pádraig 2015

Lá Fhéile Pádraig 2015

Foilsithe: Sat 14th Már, 2015 | 01:14

Tá an-áthas orm beannachtaí na Féile Pádraig a sheoladh chuig muintir na hÉireann agus chuig ár muintir agus ár gcairde ar fud an domhain.

Is é Lá ‘le Pádraig an lá go dtagaimid le chéile chun ár gcultúr agus ár n-oidhreacht shaibhir a cheiliúradh. Is lá é chomh maith nuair a dhéanaimid macnamh ar shaol ár n-éarlamh, Naomh Pádraig, a tháinig go hÉirinn mar imirceach míle sé chéad bliain ó shin. Is scéal an chruatain, an dealúis agus an dóláis í scéal Naomh Pádraig; ach d’iompaigh sí ina scéal misnigh, físe agus deise.

Is scéal í atá inste arís agus arís eile le fada an lá ag Éireannaigh a d’fhág a fhód dúchais chun bailte agus chun pobail nua a bhunú i dtíortha thar lear; agus tuigimid freisin gur scéal í seo a bhí agus atá i gcoiteanna againn le daonraí agus pobail imirceach eile ar fud na cruinne.

I mbliana táimid ag céiliúradh luath-Chríostaí Éireannach eile, Naomh Colmbán, a rinne mór éacht chun an léann agus an chreideamh a chur chun cinn in Éireann agus san Eoraip. Maraon le Pádraig, is scéal mórghnímh neamhleithleach i seirbhís na ndaoine í scéal Cholmbáin, agus cuireann sí i gcuimhne dúinn go bhfuil an imirce ina théama lárnach i bhféiniúlacht ár dtír.

Sa lá atá inniu ann tá muintir na hÉireann ar fáil i ngach cúinne den domhan. Mar náisiún tá a fhios againn go bhfuil muid go mór faoi chomaoin ag baill ár nDiaspóra a bhfuil cion acu leis an tír inar rugadh iad féin nó a sinsear; trí tacaíocht flathúil agus spreagadh a thabhairt dóibh siúd a d’fhan sa bhaile; agus ag cabhrú leo an Éireann nua-aimseartha atá againn inniú a chruthú agus a mhúnlú.

Tugann na paráidí agus an cheiliúradh a bhíonn ar siúl i bpobail ar fud an domhain in onóir Naomh Pádraig fianaise don ceangal leithleach, cairdiúil atá ann idir mhuintir na hÉireann agus daoine de shliocht na hÉireann, cibé cén áit a bhfuil siad.

Titeann Lá Féile Pádraig ag tús an Earraigh, séasúr na hathnuachana agus an dóchais. Le blianta beaga anuas bhí ar mhuintir na hÉireann aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dúr; dúshláin a raibh misneach agus díogras ag teastáil agus muid ag dul i ngleic leo. Leis an ngeilleagair ag dul i bhfeabhais, díog ar ndíog, tá súil againn gur téarnamh inbhuanaithe a bheidh ann agus go mbeidh muid in ann breathnú ar an todhchaí le muinín agus le dóchas. Tá súil agam gur todhchaí í ina mbeidh an dlúthpháirtíocht, dáimh agus na bun-luachanna sin atá ina gcroílár ag gach sochaí eiticiúil mar bhonn agus thaca aici.

Inniu déanaimid macnamh agus ceiliúradh ar shaol Naomh Pádraig. Déanaimid ceiliúradh ar an spiorad do-thuirsithe chruthaitheach sin atá tar éis éirí ina thréith dúchasach den náisiún seo. Náisiún a tháinig Pádraig chuicí mar sclábhaí ach a d’fhás grá agus tuiscint ann dí. Réitimid leanacht orainn lámh an mhuintearais a shíneadh amach chucu siúd a thagann chuig ár gcladaí faoi chúinsí dhúshlánach agus anróiteacha.

Is mian liom beannachtaí na Féile Pádraig a ghuí ar an uile duine ar an oileán seo, ar dhaoine de shliocht na hÉireann, cuma cén áit a bhfuil siad ar domhan, orthu siúd a chabhraíonn leo agus a chuireann fáilte rompu, agus orthu siúd a bhfuil bá agus caradas ina gcroí acu le hÉireann.

MICHEÁL D. ÓhUIGÍNN

UACHTARÁN NA hÉIREANN