Nuacht

An tUachtarán Higgins le freastal ar Chomórthaí ar an gCéad Chogadh Domhanda sa Tuirc (Gallipoli)...

An tUachtarán Higgins le freastal ar Chomórthaí ar an gCéad Chogadh Domhanda sa Tuirc (Gallipoli)...

Foilsithe: Mái 21st Aib, 2015 | 12:19

An tUachtarán Higgins le freastal ar Chomórthaí ar an gCéad Chogadh Domhanda sa Tuirc (Gallipoli) agus le cuairt a thabhairt ar thrúpaí na hÉireann sa Liobáin 

Fágfaidh an tUachtarán Michael D. Higgins Baile Átha Cliath amárach (Céadaoin 22) ar chuairteanna oifigiúla chuig an Tuirc agus an Liobáin. Sa Tuirc beidh sé i gcuideachta Ceann Stáit ó aon tír agus fiche ag na comórthaí éagsúla i Gallipoli – agus le linn dó a bheith sa Liobáin ar chuairt oifigiúil chuig trúpaí síochánaíochta na hÉireann atá ar seirbhís le UNIFIL, tapóidh sé an deis chomh maith le bualadh leis an Uasal Tammam Salam, Príomh-Aire agus Uachtarán Feidhmeach Phoblacht na Liobáine. Beidh Sabina Higgins á thionlacan ar an dá chuairt. 

An Tuirc 

Agus é in Istanbul ar an 23 Aibreán buailfidh an tUachtarán le baill an phobail Éireannaigh agus tabharfaidh sé aitheasc dóibh ag fáiltiú a bheith á óstáil ag Ambasadóir na hÉireann chuig an Tuirc, an tUasal Brendan Ward. Beidh sé ag freastal, freisin, ar imeacht acadúil ardleibhéil, i Lárionad Comhdhálacha Istanbul. 

Níos deireanaí sa tráthnóna beidh an tUachtarán agus Sabina Higgins ag freastal ar Cheolchoirm Chomórtha – an chéad taibhiú domhanda de - ‘In Remembrance of the 57th Regiment, Gallipoli: 100thAnniversary Symphony’.  Ina dhiaidh sin beidh an tUachtarán agus Sabina Higgins i láthair ag dinnéar á óstáil ag Uachtarán na Tuirce, an tUasal Recep Tayyip Erdoǧan. 
  
Ar maidin Dé hAoine 24 Aibreán, fágfaidh an tUachtarán Istanbul agus tabharfaidh sé a aghaidh ar Çanakkale agus uaidh sin ar aghaidh go dtí leithinis Gallipoli. San iarnóin beidh sé i láthair ag Searmanas Comórtha na Tuirce ag Séadchomhartha Mehmetçik.  Ina dhiaidh sin beidh sé i láthair ag Comóradh an Chomhlathais agus na hÉireann ag Séadchomhartha Cape Helles agus tabharfaidh sé cuairt ar an reilig ag V-Beach, áit ar cuireadh cuid mhaith de mhuintir na hÉireann a maraíodh agus iad ag teacht i dtír.  

Is é imeacht deiridh an Uachtaráin i Gallipoli ar an 25ú freastal ar Shearmanas Comórtha Gallipoli na Fraince.  Beidh cruinniú aige le hAire Cosanta na Fraince, Jean Yves Le Drian. Fillfidh sé ansin ar Çanakkale. 

Dé Sathairn 25 Aibreán fágfaidh an tUachtarán Çanakkale ag 0230 agus beidh sé i láthair ag seirbhís chamhaoire ANZAC – ar leithinis Gallipoli chomh maith. Tháinig cuid mhaith Éireannach den chéad ghlúin i dtír i Gallipoli mar bhaill de d'fhórsaí na hAstráile agus na Nua-Shéalainne agus bhásaigh siad ann. 

Níos deireanaí sa lá (25ú) beidh an tUachtarán ag freastal ar thrí sheirbhís bhreise; Seirbhís Astrálach ar leith ag Lone Pine, seirbhís i gcuimhne ar an 57ú Reisimint de chuid na Tuirce, agus seirbhís ar leith na Nua-Shéalainne ag Chunuk Bair. 

Beidh an tUachtarán á thionlacan sa Tuirc ag an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála an tUasal Charles Flanagan, T.D. agus ag Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, Leifteanant-Ghinearál Conor O’ Boyle. Beidh an Ceann Foirne i gcuideachta an Uachtaráin agus é sa Liobáin chomh maith. 

An Liobáin

Fágfaidh an tUachtarán Istanbul Dé Domhnaigh an 26 Aibreán ar a bhealach go Beirut, áit a gcuirfear fáilte roimhe ag Ambasadóir na hÉireann, an tUasal Isolde Moylan, an tUasal Paul Kehoe T.D., Aire Stáit i Roinn an Taoisigh agus sa Roinn Chosanta, a bheidh ag tionlacan an Uachtaráin agus é sa Liobáin, agus an tUasal Georges H. Siam, Consal Ginearálta Oinigh na hÉireann.  

Ar maidin an 27 Aibreán, tabharfaidh an tUachtarán agus Sabina cuairt ar Shuíomh Oidhreachta Domhanda UNESCO i Byblos. Ina dhiaidh sin, buailfidh an tUachtarán leis an Uasal Tamaam Salam, Príomh-Aire agus Uachtarán Feidhmeach Phoblacht na Liobáine agus ina dhiaidh sin beidh lón ag an Uachtarán agus ag Sabina ar cuireadh ón Uasal Salam.                 

San iarnóin buailfidh an tUachtarán le ENRanna Éireannacha agus Idirnáisiúnta chomh maith le hionadaithe na Náisiún Aontaithe atá ag obair le teifigh sa réigiún. Tráthnóna Dé Luain casfaidh sé le Ceannasaithe Gníomhaireachtaí an NA atá lonnaithe i Beirut, ag ócáid a bheidh á hóstáil ag Ambasadóir na hÉireann.         

Dé Máirt 28 Aibreán fágfaidh an tUachtarán Beirut i héileacaptar ar a bhealach chuig  UNIFIL, i nDeisceart na Liobáine, i dteannta an Uasal Samir Mokbel, Leas-Phríomh-Aire agus Aire Cosanta Phoblacht na Liobáine agus an Aire Stáit Kehoe. Ar thuirlingt dó i gceantar an 47ú Cathlán Coisithe, cuirfidh an tOifigeach i gCeannas, an Leifteanantchoirnéal Kevin McCarthy fáilte roimhe. Tar éis faisnéis ghearr a fháil maidir le hoibríocht na hÉireann sa réigiún déanfaidh sé cigireacht ar Gharda Onóra Captaein agus labhróidh sé leis na trúpaí i láthair. 

Tar éis dó cuairt chúirtéise a thabhairt ar Cheannasaí Fórsa UNIFIL, an Maor-Ghinearál Luciano Portolano, cuirfidh an tUachtarán Crann Céadair i gCeanncheathrú na hÉireann.  Beidh sé i láthair ansin ag taispeántas oibríochta a mbeidh trúpaí na Fionlainne agus na hÉireann páirteach ann sula mbeidh lón aige ar cuireadh ón Leifteanantchoirnéal McCarthy. 

Tar éis lóin, buailfidh sé le ceannairí áitiúla Liobánacha agus labhróidh sé leo. Ina dhiaidh sin buailfidh sé le Méara Tibnin, an tUasal Nabil Fawaz, agus leagfaidh sé fleasc ag Séadchomhartha UNIFIL Tibnin. Tabharfaidh an tUachtarán cuairt ansin ar cheann de phoist na hÉireann i gceantar tosaigh, áit a dtabharfaidh sé turas ar na saoráidí agus a mbuailfidh sé leis na trúpaí ar dualgas. 

I ndeireadh an tráthnóna fágfaidh an tUachtarán agus Sabina UNIFIL i héileacaptar agus tabharfaidh siad a n-aghaidh ar Beirut. 

Maidin Dé Céadaoin an 29 Aibreán fágfaidh an tUachtarán Beirut ar a bhealach go baile Átha Cliath.