Nuacht

Cuireadh tugtha aitheasc a thabhairt don mhórchruinniú mullaigh a ar athrú aeráide i bPáras.

Cuireadh tugtha aitheasc a thabhairt don mhórchruinniú mullaigh a ar athrú aeráide i bPáras.

Foilsithe: Déa 16th Iúi, 2015 | 09:47

Ar chuireadh ó Uachtarán Phoblacht na Fraince, an tUasal François Hollande, tabharfaidh an tUachtarán Mícheál D. Ó hUiginn aitheasc don ‘Sommet des Consciences pour le Climat’ Dé Máirt 21 Iúil ag an gComhairle Eacnamaíochta, Shóisialta agus Chomhshaoil i bPáras.

Beidh an tUachtarán Ó hUiginn ar dhuine de cheathrar príomhchainteoirí a bheidh ag cur a mbarúlacha os comhair na comhdhála ag an tús. Is iad na cainteoirí eile an tUachtarán Hollande, iar Rúnaí-Ginearálta na Náisiún Aontaithe Kofi Annan agus Prionsa Albert Mhonacó.

Beidh an cruinniú mullaigh seo, a bheidh ar siúl roimh an 21ú Comhdháil na bPáirtithe (COP21) de chuid Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le hAthrú Aeráide i mí na Nollag 2015 arna óstáil ag an bhFrainc, ag díriú ar rannpháirtíocht na saoránach.

Ina chuireadh don Uachtarán Ó hUiginn, dúirt an tUasal Hollande:

“ Cé go bhfuil sé ríthábhachtach tacaíocht a fháil ó cheanna stáit agus rialtais, ó réigiúin, ó chathracha, ón earnáil phríobháideach agus ó ENRanna, beidh taca gach uile shaoránach chomh cinniúnach céanna chun an comhaontú uaillmhianach atá ag teastáil ón gcine daonna a bhaint amach.”   

Rinne an tUachtarán Hollande tagairt do ráitis a rinne an tUachtarán Ó hUiginn roimhe seo agus bhí sé ar an eolas gur labhair sé go minic ar an dlúthcheangal idir fhorbairt, athrú aeráide agus ceart an duine. Ag labhairt dó níos luaithe i mbliana ag seoladh Bliain Eorpach na Forbartha in Éirinn, dúirt an tUachtarán Ó hUiginn:

“Go deimhin, is bliain cheannródaíoch do thodhchaí na forbartha daonna atá sa bhliain 2015, tharla go bhfuil náisiúin an domhain tar éis dul i ngleic le dhá phróiseas idirbheartaíochta atá ríthábhachtach agus dlúthcheangal acu le chéile: ceann acu clár forbartha na Náisiún Aontaithe iar-2015; agus an ceann eile an t-athrú aeráide.

Beidh tionchar nach beag ar an nglúin seo agus ar na glúinte le teacht ag na roghanna a dhéanfar ag deireadh na bliana maidir leis an dá mhír sin. Tá deis uathúil ag lucht na cinnteoireachta tabhairt faoi na riachtanais is práinní agus is bunúsaí atá ag na milliúin daoine timpeall an domhain, daoine a bhfuil an ceart acu an acmhainn agus an tsaoirse a éileamh chun a saol a chaitheamh le dínit. Agus is tasc dúinn go léir é - ionadaithe tofa, oibrithe ENRanna, mic léinn, gníomhaithe agus saoránaigh bhuartha – leas a bhaint as gach bealach is féidir linn chun a chinntiú go dtabharfaidh na rialtais ionadaíocha faoi na hidirbheartaíochtaí ilpháirteacha le fíorthiomantas agus le práinn chuí.”

Beidh cruinniú déthaobhach ag an Uachtarán Ó hUiginn leis an Uachtarán Hollande sa Phálas Elysée tráthnóna Dé Luain, agus beidh Dinnéar Stáit ina dhiaidh.