Nuacht

An tUachtarán Mícheál D. Ó hUiginn ar chuairt oifigiúil chuig Learpholl agus Warrington

An tUachtarán Mícheál D. Ó hUiginn ar chuairt oifigiúil chuig Learpholl agus Warrington

Foilsithe: Lua 20th Iúi, 2015 | 10:40

Tabharfaidh an tUachtarán Mícheál D. Ó hUiginn cuairt oifigiúil ar Learpholl agus Warrington Dé Céadaoin seo chugainn 22 Iúil.

Buailfidh Ambasadóir na hÉireann, A Shoilse Dan Mulhall agus a bhean chéile Greta, leis an Uachtarán, a bheidh á thionlacan ag a bhean Saidhbhín Uí Uiginn, ar theacht dó go Learpholl.

Maidin Dé Céadaoin tabharfaidh an tUachtarán aitheasc ag Ionad Fondúireacht Síochána Tim Parry Jonathan Ball i Warrington. Chomh maith leis sin, casfaidh an tUachtarán agus Saidhbhín ar thuismitheoirí Tim Parry a bhásaigh go tragóideach de thoradh bhuamála an IRA i Warrington i 1993. Buailfidh an tUachtarán, freisin, le daoine mór le rá áitiúla agus le lucht tacaíochta Fondúireacht Síochána Tim Parry Jonathan Ball. Beidh sé seo ar an gcéad turas de chuid an Uachtaráin Uí Uiginn chuig Warrington.

San iarnóin Dé Céadaoin, bronnfaidh Ollscoil Learphoill Céim Dochtúireachta Oinigh sa Dlí ar an Uachtarán Ó hUiginn agus tabharfaidh sé aitheasc le linn an tsearmanais bhronnta i Halla Fiolarmónach na hOllscoile. Beidh an tUachtarán Ó hUiginn agus Saidhbhín i láthair ag dinnéar ceiliúrtha i gcomhair na gcéimithe oinigh, agus beidh na céimithe oinigh, daoine mór le rá agus ionadaithe phobal Éireannach Learphoill i láthair chomh maith.

Tá sé seo ar an dara cuairt ag an Uachtarán Ó hUiginn ar Learpholl. Thug an tUachtarán a chuairt dheireanach ar Learpholl i mí na Samhna 2012.

Fillfidh an tUachtarán agus Saidhbhín ar Bhaile Átha Cliath ar an Déardaoin.