Nuacht

President on Global Fight Against Hunger

President on Global Fight Against Hunger

Foilsithe: Déa 24th Ean, 2013 | 11:39

TÓGANN AN tUACHTARÁN SAINCHEISTEANNA LÁRNACHA faoin gCOMHRAC DOMHANDA in AGHAIDH AN OCRAIS

Ag oscailt dó an siompóisiam ar bheartas na hUachtaránachta Eorpaí “An Domhan Á Chothú 2050” in UCD ar maidin dúirt an tUachtarán Micheál D Ó hUiginn go raibh an t-ocras leanúnach “ar ceann de na dúshláin is tromchúisí dá bhfanann os comhair an phobail dhomhanda.” Thug sé chun suntais gurb é “an dearg-bhochtaineacht, á dhéanamh níos measa ag an neamhionannas dá dtugtar scód go scannalach, príomhfhoinse an ocrais.” Leag an tUachtarán an bhéim air, gurb é an dúshlán mórálta eiticiúil is mó atá os comhair an phobail domanda inniu é, go ndéanfaimis “an bhoctaineacht seo agus a hiarmhairtí a dhíothú”.

Ag tagairt do na conspóidí arna ndúiseacht ag gníomhaíochtaí a dtugtar sciobadh talún orthu, dúirt an tUachtarán gurb amhlaidh atá tíortha agus corparáidí ag gabháil seilbh ar thalamh talmhaíochta i dtíortha forásacha d’fonn a slándáil bhia féin a áirithiú nó brabúís chorparáide amhantracha a bhoilsciú ar chostas an domhain fhorásaigh.” Thug sé dá haire go bhfuil “an sciobadh talún seo agus an brú chun brabús a dhéanamh ag rannchuidiú le díshealbhuithe, le bochtaineacht agus le coinbhleacht”.

Mhol an tUachtarán gur chóir gó ndéanfaí níos láidre agus níos comhchoitinne an t-aistriú amach ón bhfreagairt dhaonnúil traidisiúnta – ‘dumpáil bia’; arb éárd atá ann gníomhaireachtaí cabhrach idirnáisiúnta ag tabhairt soláthairtí bia isteach ó fhoinsí idirnáisiúnta chuig na ceantair atá buailte; agus go dtosófaí ar táirgí bia a fhoinsiú níos logánta ionas go bhféadfadh sé dul chun tairbhe na dtáirgeoirí agus na pobail dúchasacha. Mar shampla amháin de seo, luaigh sé an tionscnamh Purchase 4 Progress, ar tionscnamh é a cheadaíonn d’fheirmeoirí logánta i dtíortha forásacha bia a sholáthar don Chlár Domhanda Bia.

Maidir le forchur an léirscaoilte trádála, is forchur é a rinne neamhshuim dá iarmhairtí i dtéarmaí an duine daonna, dúirt an tUachtarán Ó hUiginn gur minic a chuirtear iallach ar thíortha daibhre a ngeilleagar a oscailt do thíortha saibhre in ainm an díscaoilte seo agus, gan a gcuid feirmeoirí agus a gcuid tionscail a bheith aibí le dul sa chomórtas, is minic a bhíonn caillteanais post, cúram bocht sláinte agus níos lú oideachais sna tíortha sin dá thoradh. Thagair an tUachtarán do thionchar an athraithe aeráide ar tháirgíocht bia agus luaigh freisin an tábhacht a ghabhann leis na hacmhainní sin a sholáthar do na mná, arb iad formhór na bhfeirmeoirí beaga sna tíortha forásacha iad, a theastaíonn uathu ar mhaithe leis an gcinnteoireacht agus leis an bfiontraíocht.

Mar chríoch, dúirt an tUachtarán go raibh “ceannaireacht tugtha ar leibhéal domhanda ag Éirinn maidir le cúrsaí ocrais agus tearc-chothaithe” agus d’aibhsigh sé an brú leanúnach ó Éirinn le haghaidh cur chuige comhtháite cuimsitheach i leith na bhfáthanna il-earnála a bhí ann leis an tearc-chothú. Mhol sé go gcoinneofaí leis an gcur chuige seo i dtaca lenár mbeartas forbartha.