Nuacht

Tarraingíonn an tUachtarán Ó hUigínn aird ar an litearthacht

Foilsithe: Céa 2nd Meá, 2020 | 12:11

Is é an 8 Meán Fómhair Lá Domhanda na Litearthachta. Ar an lá sin, cuirtear i gcuimhne do bhallstáit na Náisiún Aontaithe an tábhacht a bhaineann leis an litearthacht do dhaoine aonair, do phobail agus do shochaithe.

Tá an litearthacht agus an t-oideachas roghnaithe ag an Uachtarán Ó hUigínn mar cheann de na príomhthéamaí dá Uachtaránacht. Tá fáilte curtha ag an Uachtarán roimh mhúinteoirí agus oideachasóirí chuig Áras an Uachtaráin agus tá cuairt tugtha aige ar chuid mhaith scoileanna agus coláistí. Ina aithisc, labhair an tUachtarán faoin ngá le smaointeoireacht neamhspleách a chothú, agus faoin ngá le modhanna a chruthú lena chinntiú go mbíonn fáil ag gach duine ar dheiseanna foghlama ar feadh an tsaoil. Tá sé tar éis an cás a dhéanamh go seasta nár cheart féachaint ar scoileanna mar áiteanna le hoibrithe a oiliúint i gcomhair na todhchaí, ach mar áiteanna chun saoránaigh ghafa, eolacha, agus ghníomhacha a chumasú i gcomhair na todhchaí.  De réir an Uachtaráin Uí Uigínn, tá teacht ar an oideachas rí-thábhachtach, ní hamháin chun daoine aonair a chumasú agus a chur chun cinn, ach, chomh maith leis sin, mar réamhchoinníoll thar a bheith tábhachtach i gcomhair feidhmiú daonlathach na bpobal agus na sochaithe.

 

"Baineann cumasú leis an oideachas aosach. Baineann sé leis na huirlisí agus na scileanna a fháil – más litearthacht agus uimhearthacht bhunúsach nó eolas níos forbartha atá i gceist – a chuideoidh linn smaoineamh a dhéanamh agus gníomhú ar shlí níos comhfhiosaí agus níos tomhaiste. Go deimhin, tá an t-oideachas riachtanach chun ár n-acmhainn grinnis a ghéarú, ár gcumas chun dosheachantacht an ruda sin, a chuirtear os ár gcomhair go minic mar ghné ar féidir a bheith cinnte de agus nach féidir a athrú, a cheistiú."
Uachtarán Ó hUigínn, Oideachas Aosach Dhún Droma, 3 Feabhra 2015

Imeachtaí gaolmhara: