Nuacht

Tarraingíonn an tUachtarán aird ar bhuntáistí Eolaíocht agus Teicneolaíocht

Foilsithe: Lua 2nd Sam, 2020 | 14:11

Ó insealbhaíodh é in 2011, tá an tUachtarán tar éis labhairt go rialta faoin tábhacht a bhaineann le tuiscint ar an eolaíocht a úsáid chun dul i ngleic leis na dúshláin mhóra roimh an gcine daonna agus roimh ár bpláinéad leochaileach, agus chun a chinntiú go roinntear buntáistí an taighde sin go cothrom sna náisiúin agus eatarthu. 

Is disciplín thábhachtach a bhfuil tionchar aici atá san eolaíocht – ceann a bhfuil ról lárnach aige i gcúrsaí móra an chine dhaonna lenár linn, agus ceann a bhfuil sé de chumas aige an t-ionchur is mó a bheith aige i bhfeabhsú ár domhain.

Dúirt an tUachtarán: "Tá sé ríthábhachtacht meas a bheith againn ar thábhacht na heolaíochta inár saol, agus ar thuiscint ar an eolaíocht maidir le dul i ngleic leis na dúshláin mhóra atá roimh an gcine daonna. Tá aghaidh á tabhairt go ciallmhar agus go héifeachtach ar an iliomad fadhbanna atá romhainn - amhail an bhochtaineacht dhomhanda, an t-athrú aeráide, an choinbhleacht, an galar agus an t-ocras - trí thairbhe an taighde agus na tuisceana eolaíochta a roinnt. Is cruthúnas air sin na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, agus sinn ag brath, mar a dhéanaimid, ar scoth na hoibre eolaíochta."

 

Imeachtaí bainteacha: