Nuacht

An tUachtarán Ó hUigínn ag labhairt faoin Óige agus Daoine Óga

Foilsithe: Sat 4th Ean, 2020 | 16:37

“Ní féidir claochlú a sheachaint, agus tugann an rannpháirtíocht ghníomhach san athrú cumhacht don duine daonna. Le bheith mar ghníomhaí, in ionad cuspóra, ní mór a bheith gníomhach ní géilliúil in am an dúshláin agus an athraithe”.

An tUachtarán Ó hUigínn, Iúil 2012.

Ina aitheasc tionscnaimh in 2011, roinn an tUachtarán Ó hUigínn an mhian a bhí aige plé a dhéanamh le daoine óga mar chuid de shraith seimineár le linn a thréimhse Uachtaránachta. Ba é an togra “Being Young and Irish” a bhí mar thoradh air seo. (Brúigh anseo le tuilleadh eolais a fháil ar an togra speisialta seo).

Ag labhairt faoin togra, spreag an tUachtarán Ó hUigínn daoine óga le páirt a ghlacadh i múnlú na hÉireann athnuaite: “Tá dúthracht agus ionchur ár ndaoine óga de dhíth ag teastáil i gclaochlú na tíre seo. Anois, níos mó ná riamh, tá bhur bhfuinneamh, smaointí, idéil, cruthaitheacht agus misneach uainn. Tá do phaisean, nuálaíocht agus fís don todhchaí ag teastáil ó do thír”.

Creideann an tUachtarán Ó hUigínn go láidir nuair a sholáthraítear an deis agus an tacaíocht gur féidir le daoine óga feidhmiú mar chatalaíoch láidir d’athruithe sóisialta. Sa chomhthéacs seo, thacaigh an tUachtarán le Gaisce, clár féinfhorbartha do dhaoine óga idir 15-25 bliana d’aois, agus na Gradaim Fealsaimh Óga Éireannacha (Irish Young Philosopher Awards).
 

“Ar mhaithe le cearta páistí a fhíorú, ní mór dúinn ceangal a chur orainn féin na céimeanna riachtanacha a ghlacadh leis an mbonneagar cuí a thógáil, le méadú a dhéanamh ar ghuthanna na ndaoine óga, le go mbeidís in ann rannpháirtíocht iomláin agus fhiúntach a ghlacadh sa díospóireacht faoinár dtodhchaí”.
An tUachtarán Ó hUigínn, Meán Fómhair 2017.

 

Imeachtaí bainteacha: