Nuacht

An tUachtarán Higgins ar cuairt oifigiúil trí lá ar an Iodáil

An tUachtarán Higgins ar cuairt oifigiúil trí lá ar an Iodáil

Foilsithe: Lua 15th Mei, 2015 | 11:55

An tUachtarán Higgins ar cuairt oifigiúil trí lá ar an Iodáil, áit a mbeidh sé i láthair le haghaidh oscailt oifigiúil Lá Náisiúnta na hÉireann ag ‘EXPO Milano 2015’ agus a mbeidh cruinniú aige leis an Uachtarán Matarella.

Fágfaidh an tUachtarán Michael D. Higgins Baile Átha Cliath ar a bhealach go Milan inniu (Dé Luain 15 Meitheamh) ar cuairt oifigiúil ar an Iodáil. Le linn na cuairte buailfidh an tUachtarán Higgins le hUachtarán na hIodáile, an tUasal Sergio Matarella i bPálás Quirinale sa Róimh. Is é an tUachtarán Higgins a osclóidh Lá Náisiúnta na hÉireann ag ‘EXPO Milano 2015’. Beidh an tUachtarán á thionlacan ag Sabina Higgins.

Dé Luain 15 Meitheamh

Ar theacht go Milano dó tráthnóna Dé Luain, cuirfidh Ambasadóir na hÉireann chuig an Iodáil, an tUasal Bobby McDonagh, fáilte roimh an Uachtarán. Níos déanaí sa tráthnóna beidh an tUachtarán ina aoi onóra ag dinnéar gnó a bheidh á chur ar fáil ag Ambasáid na hÉireann, i gcomhar leis an mBord Bia, Fiontraíocht Éireann, an tÚdarás Forbartha Tionscail agus Fáilte Éireann agus tabharfaidh sé aitheasc. Is iad lucht gnó agus gníomhaireachta na hIodáile is mó a bheidh i láthair, iad siúd atá páirteach cheana i dtrádáil dhíreach le hÉirinn nó a d’fhéadfadh a bheith páirteach amach anseo.

Dé Máirt 16 Meitheamh

Osclóidh an tUachtarán Lá Náisiúnta na hÉireann ag EXPO Milano 2015 Dé Máirt. Roghnaíodh an dáta sin go speisialta le titim ar Bloomsday. Is é téama na hÉireann ag EXPO 2015 ‘Foinse Glas’, a chuimsíonn iarracht na hÉireann a bheith ina ceannródaí  domhanda i dtáirgeadh bia inbhuanaithe. Díríonn an téama sin chomh maith ar lárthéama EXPO 2015: ‘Cothú an Phlainéid; Fuinneamh don Bheatha’.  Agus an seoladh oifigiúil á dhéanamh aige ar Lá na hÉireann ag EXPO, tabharfaidh an tUachtarán aitheasc agus freastalóidh sé ar chur i láthair ag an ngrúpa traidisiúnta Éireannach, Brú Ború. Tar éis dó cuairt a thabhairt ar gach achar de sheastán na hÉireann ag EXPO agus tar éis dó bualadh leo siúd a bhfuil baint dhíreach acu leis an sárthaispeántas seo d’Éirinn, tabharfaidh an tUachtarán agus Sabina cuairt ar sheastán na hIodáile agus ar rogha seastán eile; is dóigh go mbeidh na tíortha seo i gceist: An Aetóip, Guatamala, An Chéinia, An Cholóim, Uganda, El Salvador agus an tSín,  mar a ndéanfar forbairt ar na teagmhálacha a rinneadh cheana.

Níos deanaí sa tráthnóna imeoidh an tUachtarán agus Sabina chuig an Róimh.

An tUachtarán Higgins ar cuairt oifigiúil trí lá ar an Iodáil

Beidh cruinniú foirmiúil ag an Uachtarán Dé Céadaoin  le hUachtarán Phoblacht na hIodáile, an tUasal  Sergio Matarella. Beidh sé seo ar an gcéad chruinniú ag an Uachtarán Higgins leis an Uachtarán Materella; bhuail an tUachtarán Higgins lena réamhtheachtaí, an tUachtarán Napolitano ar roinnt ócáidí foirmiúla sa bhliain 2013. Níos déanaí beidh an tUachtarán i láthair ag seoladh oifigiúil ‘Il Tradimento e Poesie’ – aistriúchán chuig na hIodálaise de bhailiúchán dá chuid dánta ag an Ollamh Enrico Terrinoni, foilsithe ag Del Vecchio Editore.

Fillfidh an tUachtarán agus Sabina ar Bhaile Átha Cliath oíche Dé Céadaoin.