An tUachtarán Ó hUigínn ar thodhchaí na hoibre agus cearta na n-oibrithe
Foilsithe: Déa 22nd Aib, 2021 | 13:09
Rinne an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn cur síos ar an gcúis ar son obair ghnaíúil agus ceartas sóisialta mar chomhrac sainiúil ár linne.
Ina chuid óráidí, tharraing an tUachtarán Ó hUigínn aird ar pharaidím eacnamaíochta an daichead bliain seo caite, a thug tosaíocht don dírialáil agus ag moladh ról laghdaithe don Stát. Is as seo a d’eascair easpa aitheantais ar na hoibrithe agus ar chearta na n-oibrithe, anuas ar cheisteanna domhanda práinneacha a chruthú cosúil le neamhionannas, léirscrios timpeallachta agus téamh domhanda.
Rinne an tUachtarán tagairt freisin do thionchar phaindéim Covid-19 ar na hoibrithe, agus d’éiligh sé go dtabharfaí an t-aitheantas cuí d’ionchur na n-oibrithe riachtanacha le linn na paindéime.
In 2019, rinne an tUachtarán Ó hUigínn agus Saidhbhín an lá a cheiliúradh trí imeacht a óstáil ag tabhairt aitheantais do ghníomhaithe óga. I measc na n-imeachtaí eile a d’óstáil an tUachtarán Ó hUigínn do Lá Bealtaine tá:
- Tugann an tUachtarán aitheasc ag Comhdháil de chuid Fórsa maidir le dúshláin san ionad oibre le linn amscála Covid-19 (2020)
- Aitheasc á thabhairt ag an Uachtarán do Chruinniú Mullaigh na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (ILO) faoi COVID-19 agus Saol an tSaothair. (2020)
- President publishes May Day Poem (2020)
- Déanfaidh an tUachtarán Ó hUigínn comóradh ar Lá Cuimhneacháin Idirnáisiúnta na nOibrithe (2020)
- Tugann an tUachtarán aitheasc tosaigh na hócáide don Eagraíocht Idirnaisiúnta Saothair (2019)
- Fáiltiú ar scáth an Uachtaráin agus Sabina d’fhonn Lá Bealtaine a cheiliúradh (2019)
- Aitheasc ón Uachtarán ag Comhdháil Bhliantúil Chónaidhm Eorpach na gCeardchumann sa tSeirbhís Phoiblí (2019)
- Spreagaitheasc ón Uachtarán ag Cruinniú Mullaigh na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair - ILO (2018)
- Nochtann an tUachtarán agus Sabina “The Plough & the Stars” - suiteán atá tógtha i ngáirdín Áras… (2018)
- An tUachtarán i láthair chun nua-sheirbhís gníomhaíochta um fhostaíocht a oscailt go hoifigiúil (2017)
- “The Future of Work” – President delivers the Edward Phelan Lecture (2015)
- ‘Remembering the 1913 Lockout (2013)
- ‘The Task of Remembering the Lockout of 1913’ (2013)
- Nochtann an tUachtarán táipéis, i dtaca le chomóradh an chéid, ar Frithdhúnadh 1913 (2012)