Nuacht

Tarraingíonn an tUachtarán Ó hUigínn aird ar an easpa dídine

Foilsithe: hAo 17th Már, 2017 | 12:38

Is téamaí a thagann aníos arís agus arís eile in obair an Uachtaráin Uí Uigínn atá sa Tithíocht agus san Easpa Dídine, maidir leis an tithíocht in Éirinn agus le taithí daoine a ruaigtear óna dtithe agus óna n-áiteanna dúchais.

Tá tagairt déanta ag an Uachtarán go minic do thaithí na n-imirceach Éireannach agus is glór láidir é ar son an chineáltais i leith na n-imirceach agus na dteifeach. 

Tá an tUachtarán Ó hUigínn tar éis bualadh le roinnt cumann tithíochta agus soláthraithe tithíochta sóisialta, lena n-áirítear Tithíocht Chlúid (2019), Tionscadal Tithíochta Sophia (2014), Scéim Tithíochta Arda Thornton (2014) agus Saoráid Chúram Leanaí Pobail agus Tionscadal Tithíochta Lios Cearúil (2013), Gnáthóg don Chine Daonna (2012) agus Cumann Tithíochta Nás na Ríogh (2012). Ar Lá Fhéile Pádraig 2019, thug an tUachtarán Ó hUigínn cuireadh d’fhoireann tosaigh eagraíochtaí a thugann tacaíocht do dhaoine gan dídean chuig Áras an Uachtaráin.  
 

Imeachtaí gaolmhara: