Nuacht

Cóisirí sa Gháirdín in Áras an Uachtaráin, ar scáth an Uachtaráin

Cóisirí sa Gháirdín in Áras an Uachtaráin, ar scáth an Uachtaráin

Foilsithe: Lua 23rd Mei, 2014 | 15:54

Beidh Cóisirí sa Gháirdín in Áras an Uachtaráin ar scáth an Uachtaráin agus Saidhbhín Uí Uigínn

Beidh ocht gCóisir sa Ghairdín in Áras an Uachtaráin ar scáth an Uachtaráin agus Saidhbhín Uí Uigínn an samhradh seo.

Ag leanúint traidisiún na nIar-Uachtarán, beidh an tUachtarán agus Saidhbhín ag fáiltiú roimh os cionn 2,500 Éireannach chuig a dteach cónaithe i bPáirc an Fhionnuisce.

Tá trí Chóisir sa Gháirdín dóimh siúd a bhfuil i mbun gníomhaíochtaí pobalbhunaithe agus a bhfuil ina mbaill de ghrúpaí deonach, Cóisir sa Gháirdín amháin a bhfuil dírithe ar an téama ‘Eitic’, Cóisir sa Gháirdín amháin ag teaghlaigh, Cóisir sa Gháirdín ag Teachtaí Dála agus ag baill de Thionól Thuaisceart Éireann agus Cóisir sa Gháirdín ag baill de Cheolchumainn na hÉireann.