Nuacht

Bronnann Ambasadóirí Nua a nDintiúir

Bronnann Ambasadóirí Nua a nDintiúir

Foilsithe: Lua 2nd Fea, 2015 | 12:25

Bhronn a Soilse, Ambasadóirí Phoblacht na Céinia, Phoblacht na Guine agus Phoblacht Shingeapór a ndintiúir ar an Uachtarán in Áras an Uachtaráin inniu.

Bhí a Shoilse, an tUasal Richard Angulu Opembe, Ambasadóir Phoblacht Chéinia, á thionlacan ag a bhean, Suzanne Wanjiro Gachukia Opembe, a bpáistí Jesse Eshikhati Opembe agus Appalonia Chao Opembe agus ag an Uasal Miles Khayumbi Gachukia Kibukosy agus ag an Uasal Immaculate N. Wambua, Aire Comhairleora san Ambasáid.

Bhí a Shoilse, an tUasal Paul Goa Zoumanigui, Ambasadóir Phoblacht na Guine, á thionlacan ag an Uasal Jean Emile Curtis, Céad-Rúnaí na hAmbasáide.

Bhí a Soilse, an tUasal FOO Chi Hsia, Ambasadóir Phoblacht Shingeapór, á tionlacan ag an Uasal MAK Yong Yang, Dara-Rúnaí na hAmbasáide.

Bhí an tUasal Seán Sherlock, T.D., Aire Stáit don Fhorbairt, don Trádáil agus don Chomhar Thuaidh Theas sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála i láthair ag an searmanas thar ceann an Rialtais.

Bhí na daoine seo a leanas i láthair chomh maith: An tUasal Art O’Leary, Rúnaí Ginearálta an Uachtaráin; An tUasal Colm Ó Floinn, Ard-Stiúrthóir, An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála; An tUasal Síle Maguire, Ceannasaí Prótacail, An tUasal Joe Brennan agus An tUasal Claire Buckley, Prótacal, An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.

Tionlacadh na hAmbasadóirí chuig Áras an Uachtaráin agus ar ais le Coimhdeacht Onóra de dhíorma gluaisrothar ón 2ú Scuadrún Marcra, Dún Chathail Bhrugha, Baile Átha Cliath, faoi cheannas an Leifteanaint Fionn McCaffrey.

Chuir an 3ú Cathlán Coisithe, Dún Mhic Stiofáin, Garda Onóra ar fáil ag Áras an Uachtaráin, faoi cheannas an Leifteanaint Steve Byrne.

Is é an Captaen Fergal Carroll a stiúir an Chéad Armbhanna.