Nuacht

Letters to President Higgins from the Public during Ireland’s response to Covid-19

Letters to President Higgins from the Public during Ireland’s response to Covid-19

Foilsithe: Déa 21st Bea, 2020 | 12:22

Dúirt an tUachtarán Ó hUigínn go raibh sé an-chorraithe ag an líon mór líníochtaí, litreacha agus cártaí poist a fuair sé ó dhaoine de gach aois sna seachtainí beaga seo.

Is iondúil go bhfaigheann an tUachtarán na mílte litir, ach ó thosaigh paindéim Covid-19 tá méadú mór millteach tagtha ar an méid poist ar bhun laethúil ó pháistí, ó thuismitheoirí, agus ó dhaoine de gach aois agus i ngach cúinse. Fuair siad go léir freagra. Léirigh siad íomhá iontach agus éagsúil den fhreagairt ar Covid-19.

Taispeántar rogha beag de na teachtaireachtaí a fuarthas, iad leagtha amach ar an mbord mór i Seomra Bia an Stáit. Is é sin an bord ar shuigh baill chéad rialtas an tSaorstáit thar timpeall air i gcomhair a gcéad chruinniú.